Méid an Téacs

Taighde ar Thógáil Clainne le Gaeilge

Iúil 10, 2015

Tá Hannah Ní Dhoimhín, mac léinn máistreachta le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, ag déanamh taighde faoi thógáil clainne le Gaeilge. Mar chuid den taighde seo, tá ceistneoir curtha le chéile aici do thuismitheoirí atá ag tógáil páistí óga (0-12) le Gaeilge in Éirinn.

Má tá spéis agat páirt a ghlacadh sa taighde seo agus an ceistneoir seo a chomhlánú, agus/nó a scaipeadh ar dhaoine eile a mbeadh spéis acu páirt a ghlacadh sa taighde seo, breathnaigh ar an nasc seo: https://www.surveymonkey.com/r/8DT7NVD

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an ábhar taighde seo, déan teagmháil leis an taighdeoir ag h.nidhoimhin1@oegaillimh.ie.