Taighde ar úsáid acmhainní digiteacha i nGaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile
Meitheamh 22, 2015
A Mhúinteoirí Gaeilge,
Tá mac léinn iarchéime ar an gclár MSc le Fiontar ag déanamh tráchtais ar an gcleachtas atá ag múinteoirí iarbhunscoile maidir leis an úsáid a bhaintear as acmhainní digiteacha san ábhar Gaeilge.
Má tá 10 nóiméad le spáráil agat chun an ceistneoir seo a líonadh, chabhródh sé go mór leis an taighde seo a chur i gcrích. Tá sé riachtanach go bhfuil an t-ábhar Gaeilge á mhúineadh agat i do phost reatha in iarbhunscoil.
Míle buíochas as ucht do chabhrach.