Teideal Nua Réamhscoile ó Futa Fata
Lúnasa 1, 2013
Dainín: Bog Chun Siúil
Is breá le Dainín an zú. Tá oiread ainmhithe le feiceáil ann – agus oiread bealaí éagsúla acu le bogadh thart!
- Beidh páistí réamhscoile meallta ag na carachtair áille.
- Leabhair chairtchláir – breá láidir do na daoine beaga!
- Níl mórán béime leagtha ar fhoilseacháin réamhscoile ag foilsitheoirí Gaeilge – tá an-éileamh ar leabhair den chineál seo.
Eolas Breise:
Is é stiúrthóir Futa Fata, Tadhg Mac Dhonnagáin, a scríobh na leabhair seo. Tá cúlra láidir aige sa réimse réamhscoile. D’oibrigh sé mar mhúinteoir bunscoile, ag múineadh naíonáin bheaga, chuir sé clár réamhscoile, ‘Dilín o Deamhas’ i láthair ar RTÉ.
Faoin Maisitheoir:
Tá an-mheas ar shaothar an mhaisitheora Steve Simpson – obair na gcapall déanta aige do Futa Fata, Séideán Sí agus eile in Éirinn, Scholastic i Meiriceá agus foilsitheoirí eile i Sasana agus eile.Duine de na healaíontóirí is aitheanta sa réimse seo é Steve Simpson. Foilsíodh a chéad leabhar le Futa Fata, ‘Lúlú agus an Oíche Ghlórach’ sa tSín agus in Albain. Díoladh an dara leabhar ‘Cáca don Rí’ sa Chóiré agus arís in Albain. Tá sé foilsithe thar lear ag Scholastic i Meiriceá, Usborne i Sasana agus go leor eile.
An tEolaí Óg
Spreagfaidh an tsraith spéisúil seo eolaithe óga sa bhaile tríd an réimse leathan imeachtaí agus turgnaimh atá le fáil ann. Ceithre leabhar ar an iomlán atá sa tsraith seo, a bhreathnaíonn ar an eolaíocht i mbealaí éagsúla. Leabhar suimúil agus spraoiúil d’aon ábhar eolaí! Seo hiad na ceithre leabhar sa tsraith:
- An tEolaí Óg: Sa Ghairdín: Lán le turgnaimh spéisúla, beidh deis ag an t-eolaí óg triail a bhaint as gach rud idir phlandaí a chur ag fás agus muilleann gaoithe a chur ag séideadh.
- An tEolaí Óg: Sa Chistin: Foghlamóidh do pháiste faoi mheacháin éagsúla sreabhán agus éifeacht aeir ar thorthaí.
- An tEolaí Óg: Spraoi le hUisce: Ná bíodh faitíos ort a fháil fliuch leis an leabhar seo, a dhíríonn ar na gnéithe suimúla a bhaineann le huisce.
- An tEolaí Óg: Mo Chorp: Foghlamóidh do pháiste faoi na cúig céadfaí sa leabhar seo agus beidh deis acu dul i dtaithí orthu tríd imeachtaí suimúla.
An tÚdar
Ball d’fhoireann Sky News ab ea í Lisa Burke, mar láithreoir aimsire agus eolaíochta ó 2000-2010. Roimhe sin, bhain sí MA amach ó Ollscoil Cambridge san Eolaíocht Nádúrtha. Mhair a spéis san eolaíocht i gcónaí agus bhí sí ina moltóir don Aventis General Prize for Science Books. Cuireann sí faoi i Londain agus Abu Dhabi agus tá sí pósta le beirt eolaí óg dá cuid féin aici!
Futa Fata,
An Spidéal,
Co. na Gaillimhe,
Éire
Winner of Irish Web Awards : Best Irish Website 2012
Buaiteoirí Suíomh Gaeilge is fearr 2012
T: (+353)91 504 612
R: breda@futafata.ie
I: http://www.futafata.ie/