Méid an Téacs

Toradh an Phróisis Chuíchóirithe

Eanáir 21, 2014

Tháinig próiseas cuíchóirithe a tionscnaíodh in 2008 chun críche an tseachtain seo caite, le fógra ó Fhoras na Gaeilge maidir leis na sé cheanneagraíocht a bheidh le maoiniú acu amach anseo.

Tríd an bpróiseas seo, a chonaic 19 n-eagraíocht á gcúngú chuig sé cheanneagraíocht ar mhaithe le ‘breis éifeachtacht agus éifeachtúlacht’ san earnáil, tá scrios déanta ar earnáil dheonach na Gaeilge.

Cuireadh iallach ar 19 n-eagraíocht a bhí cleachtach ar obair i gcomhpháirt lena chéile thar na blianta chun dul in iomaíocht ghéar lena chéile, de réir catagóirí a bhí leagtha amach dóibh ag Foras na Gaeilge.

Tháinig dhá stáisiún raidió, Raidió na Life agus Raidió Fáilte, slán ón slad toisc gur chuir córas ceadúnais na stáisiún bac orthu feidhmiú ar bhonn uile-oileáin rud a bhí mar thosaíocht incháilithe don struchtúr nua. Cuirfear maoiniú ar bhonn scéime ar fáil amach anseo don dá stáisiún raidió, mar aon leis an Áisaonad, dream a chuireann áiseanna foghlama agus teagaisc ar fáil trí Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.

Le 3 eagraíocht ón 19 slánaithe, b’éigean don 16 eagraíocht eile dul in iomaíocht lena chéile don sé thicéad órga chun a dtodhchaí a chinntiú. Chuir tráchtairí in iúl le linn an phróisis go bhféadfadh seo scrios a dhéanamh ar infreastruchtúr tacaíochta na teanga sna 32 contae toisc go mbeadh cuireadh ag na páirtithe rathúla chun páirt a ghlacadh sa struchtúr nua maoinithe ach go gcuirfí deireadh le maoiniú na n-eagras eile ón 30 Meitheamh 2014.

Ceanneagraíochtaí

Cé go bhfuil feidhm uile-oileáin ag cuid de na heagraíochtaí a roghnaíodh (thuas) cheana féin, is i bPoblacht na hÉireann atá a gceanncheathrú ag gach ceann acu. Tá imní léirithe faoi seo ó fógraíodh toradh an phróisis toisc an easpa tacaíochta a bheidh ar fáil do na struchtúr reatha teanga ó thuaidh. Cuirfear deireadh le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge do Forbairt Feirste, Pobal, Iontaobhas Ultach agus Pobal, rud a chiallóidh go mbeidh foirne na n-eagraíochtaí ligthe chun siúil agus go mb’fhéidir go mbeidh deireadh á chur leis na heagrais féin.

Mar eagraíochtaí deonacha, d’fhéadfadh na heagrais seo leanúint ar aghaidh gan mhaoiniú agus gan fhoireann, ach is cinnte go mbeadh tionchar iontach diúltach aige seo ar obair na n-eagras.

Ag labhairt dóibh sna meáin chumarsáide le cúpla lá anuas, tá tagairtí déanta ag urlabhraithe Fhoras na Gaeilge gur féidir le ceanneagraíochtaí fostaíocht a chur ar fáil dóibh siúd a bheidh dífhostaithe sna heagrais eile. Dar le roinnt tráchtairí nach bhfuil anseo ach iarracht casadh dearfach a chur ar an scéal. I gceann amháin de na catagóirí mar shampla, ‘Ardú Feasachta, Cosaint Teanga, agus Ionadaíocht’ cuirfear deireadh le maoiniú do thrí eagraíocht, rud a fhágfaidh 14 fostaí dífhostaithe: Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge (seisear foirne) ; Pobal (ceathrar foirne); agus Iontaobhas Ultach (ceathrar foirne). Cé go dtabharfaí an cead don cheanneagraíocht duine nó beirt a earcú b’fhéidir chun a chinntiú go mbeidís ionadaíocht ar Thuaisceart Éireann, is caolseans go mbeidh fostaíocht ar fáil don dáréag eile a bheidh ag fáil P45 i mí Meithimh.

I ráiteas chuig na meáin Dé hAoine seo caite, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, lárchomhairle phobal na Gaeilge: “Ón bhliain 2008, cáineadh an próiseas agus an tsamhail seo go poiblí, ach i Meán Fómhair 2013 cinneadh páirt a ghlacadh sa phróiseas, agus thuigeamar ag an am sin go bhféadfadh seo a bheith mar thoradh air. Leanfaidh an Chomhdháil ar aghaidh mar eagraíocht dheonach, ach idir seo agus Meitheamh na bliana seo beimid ag féachaint ar bhealaí chun a dheimhniú go leanfaidh tionscadal agus tograí atá forbartha ag an gComhdháil le blianta fada ar aghaidh faoin struchtúr nua”.

Gaelport.com