Méid an Téacs

Tóstal na Gaeilge 2013

Feabhra 8, 2013

Ba mhór ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge tú a bheith i láthair ag Tóstal na Gaeilge 2013 a bheidh ar siúl ar an 16 Feabhra 2013, san óstán Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2.

“Beart de réir Briathair” an téama a bheidh ag Tóstal na Gaeilge 2013. Osclófar an plé le píosa cainte ó Chomhfhreagraí Polaitíochta an Irish Times, Harry McGee, maidir le beartais an Rialtais i leith na Gaeilge, agus ansin díreoidh dhá phainéal éagsúil ar na beartais is déanaí atá curtha chun cinn ag an Rialtas faoi Acht na Gaeltachta 2012. Um thráthnóna pléifear freagrachtaí an Stáit i leith na Gaeilge.

Is é seo an deis is mó do phobal na Gaeilge teacht le chéile agus plé a dhéanamh ar mhórcheisteanna an lae i dtaobh na Gaeilge, na Gaeltachta agus na sochaí Gaelaí. Tá clár cuimsitheach curtha le chéile do Thóstal na bliana seo, le scoth na gcainteoirí ag díriú isteach ar cheisteanna móra na Gaeilge in atmaisféar oscailte.

Tá gach eolas faoi chlár agus faoi chainteoirí Thóstal na Gaeilge ar fáil ag www.gaelport.com/tostal2013.

Chun d’áit ag Tóstal na Gaeilge 2013 a chur in áirithe, déan teagmháil le le Máire Ní Phuirséil, 01 679 4780 / maire@comhdhail.ie.