Méid an Téacs

Treoirlínte pleanála teanga foilsithe

Eanáir 17, 2014

Tá fógartha ag an Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., go bhfuil na treoirlínte pleanála teanga foilsithe inniu ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Tugann na treoirlínte léargas ar an bpróiseas pleanála teanga mar a bhaineann sé le cur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012.

Ag fógairt na dtreoirlínte dúirt an tAire Stáit: “Tá na treoirlínte seo dírithe go príomha ar an phobal agus ar na heagraíochtaí a bheidh freagrach as ullmhú agus as feidhmiú na bpleananna teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012”.

“Ina theannta sin, beidh na treoirlínte seo ina gcuidiú don earnáil dheonach, don earnáil phoiblí agus don earnáil phríobháideach a mbeidh ról acu tacaíocht a thabhairt, oiread agus is féidir, don phróiseas pleanála teanga”, a dúirt an tAire.

Foilsíodh na chéad fhógraí i dtaca leis na 26 Limistéir Pleanála Teanga i mí na Nollag 2013. Is iad na Limistéir atá i gceist ná:

  • Ciarraí Thiar
  • Cois Fharraige
  • Gaoth Dobhair, Rann a Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir

Tá go dtí 14 Márta 2014 ag eagraíochtaí agus grúpaí pobail, atá lonnaithe sna Limistéir éagsúla atá i gceist nó tadhlach leo, chun iarratais a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta. Bíodh na critéir pleanála teanga san áireamh in aon phlean teanga a ullmhófar amach anseo sna Limistéir Pleanála Teanga. Roghnófar Ceann-eagraíocht Pleanála Teanga le tabhairt faoin bpróiseas sa Limistéar Pleanála Teanga cuí bunaithe ar phróiseas measúnaithe an Údaráis a ghlacfaidh suas le dhá mhí ó dháta dúnta na n-iarratas.

Tabharfar tréimhse suas le 2 bhliain do cheann-eagraíochtaí plean teanga a chur faoi bhráid na Roinne le faomhadh agus is thar thréimhse 7 mbliana a chuirfear na pleananna teanga i bhfeidhm le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta. Beidh ceann-eagraíochtaí ionadaíoch don phobal, d’eagraíochtaí pobail, do choistí agus do chumainn dheonacha agus teanga sna Limistéir Pleanála Teanga le cur le húsáid na Gaeilge sna Limistéir sin.

Is féidir gach eolas maidir leis an bPróiseas Pleanála Teanga atá á fheidhmiú ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Foras na Gaeilge a fháil anseo.

Foilsithe ar Gaelport.com