Méid an Téacs

Tuairimí an phobail maidir le léitheoireacht Ghaeilge á lorg ag Foras na Gaeilge

Meitheamh 18, 2013

Beidh Foras na Gaeilge ag tabhairt faoi straitéis nua léitheoireachta a chur i bhfeidhm sa bhliain 2014 le cinntiú go mbeidh “an t-infreastruchtúr cuí ann” do gach aoisghrúpa léitheoireachta Gaeilge amach anseo.

Tá tús curtha le próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir le léitheoireacht leabhar i nGaeilge ag eascairt as moltaí a tháinig chun cinn ag Comhdháil faoin Léitheoireacht a d’eagraigh Clár na Leabhar Gaeilge i mBaile Átha Cliath anuraidh.

Le linn na Comhdhála sin tugadh aghaidh ar staid reatha earnáil na leabhar Gaeilge in Éirinn agus thar lear agus ar na bealaí is éifeachtaí chun an léitheoireacht a chothú i measc aoisghrúpaí éagsúla. Tháinig neart moltaí fiúntacha chun cinn agus rinneadh taifead orthusan agus ar na cainteanna i bhfoirm cáipéise comhairliúcháin. Tá an cháipéis ar fáil le híoslódáil anseo.

Tá Foras na Gaeilge anois ag lorg tuairimí an phobail maidir leis an athbhreithniú seo. Is féidir an cháipéis chomhairliúcháin a íoslódáil ó www.gaeilge.ie agus tuairimí a nochtadh ina leith.

“Baineann na ceisteanna seo le léitheoirí, foilsitheoirí, scríbhneoirí, tuismitheoirí, múinteoirí, leabharlannaithe, lucht díolta leabhar agus léirmheastóirí, agus le heagraíochtaí ealaíon agus litríochta. D’fháilteoimis roimh a dtuairimí siúd ar fad faoi na beartais atá á moladh sa cháipéis chomhairliúcháin.” a dúirt Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.

Glacfar le haighneachtaí agus le haiseolas ón bpobal (ar ríomhphost nó sa phost) go dtí an Aoine, 28 Meitheamh 2013.

Tuilleadh eolais: leabhar@forasnagaeilge.ie /046-9430419