Méid an Téacs

Tuarascáil ar fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge foilsithe

Lúnasa 6, 2013

D’fhoilsigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta tuarascáil ar dhúl chun cinn faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ar 23 Iúil.

Sheol Taoiseach an ama sin, Brian Cowen, an Straitéis 20 bliain ar an nGaeilge in 2010 leis an mór sprioc chun líon na gcainteoirí Gaeilge laethúil lasmuigh den chóras oideachais a ardú ó 83,000 duine go dtí 250,000 duine thar thréimhse 20 bliain.
Naoi réimse gnímh atá i gceist sa Straitéis, agus leagtar amach inti spriocanna ar leith faoi gach aon réimse. I measc na réimsí gnímh tá spriocanna ann i leith chúrsaí oideachais, An Ghaeltacht, An Teaghlach (Idirghabháil go luath), Riarachán, Seirbhísí agus Pobal, Na Meáin agus an Teicneolaíocht, Foclóirí, Reachtaíocht agus Stádas, Saol Eacnamaíochta agus Tionscnaimh Leathana.
Is ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá an fhreagracht uileghabhálach an Straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse mór páirtithe leasmhara lena n-áirítear Ranna Rialtais eile.
Tugadh chun fios sa tuarascáil athbhreithnithe go bhfuil struchtúir bunaithe ón mbliain 2011 chun feidhmiú na Straitéise a fhorbairt agus monatóireacht a dhéanamh i leith na forbartha sin. Tá an Taoiseach mar Chathaoirleach ar an gCoiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Chomh maith leis sin tá Grúpa Idir-Rannach atá faoi chathaoirleacht an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus grúpaí eile d’oifigigh a bhíonn ag plé le hearnálacha éagsúla.
Chuir an tAire Stáit Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D. in iúl go bhfuil athbheochan na teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht mar ghné fíorthábhachtach den Straitéis.
Achtaíodh Acht na Gaeltachta i mí Iúil 2012 agus i measc príomhghnéithe an Achta tá sainmhíniú úr ar an nGaeltacht mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta ina mbainfear leas as critéir theangeolaíochta seachas critéir thíreolaíoch.
Léirigh an tuarascáil go bhfuil na chéad chéimeanna á dtógáil ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge chun tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga le heagrais agus le pobail i gceantair éagsúil sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht. I meas na gcéimeanna sin tá obair idir lámha i gcomhar leis an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ar threoirlíne ina leagfar amach próiseas trédhearcach chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna limistéir, bailte agus líonraí Gaeilge agus measúnaí a dhéanamh orthu. Tá córas á fhorbairt freisin chun eagraíochtaí a roghnú le pleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.
Forbrófar Dioplóma i bPleanáil agus Buanú Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaillimh a bheidh dírithe ar fhoirne na n-eagraíochtaí pobail agus na gcomhlachtaí stáit a bheidh baint acu leis an bpróiseas pleanála teanga. Luadh chomh maith go bhfuil leagan nuashonraithe den Staidéir Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007) le foilsiú i bhfómhar 2013.
Tiocfaidh athraithe i bhfeidhm faoi Acht na Gaeltachta 2012 ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údaráis na Gaeltachta lena n-áirítear an athdhearadh a tháinig ar Bhord an Údaráis ó thoghchán poiblí de bhord de 20 comhalta go ceapachán an Aire Stáit agus Údaráis Áitiúla de 12 comhalta.
Leagadh amach chomh maith na scéimeanna tacaíochta Gaeilge agus Gaeltachta atá seolta ag an Roinn ar nós an Clár Tacaíochta Teaghlaigh a chuireann tacaíocht ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge agus luadh go bhfuil maoiniú curtha ar fáil ag an Roinn do réimse eagraíochtaí laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge.
Cuireadh in iúl na hiarrachtaí atá ar bun ag Ranna Rialtais éagsúla ar nós An Roinn Oideachais agus Scileanna atá ag tacú le curaclam nua comhtháite teanga do bhunscoileanna a fhorbairt ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) a chuimseoidh torthaí foghlama don Ghaeilge.
Léiríodh chomh maith go dtagann an coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht atá faoi stiúir an Taoisigh le chéile go rialta chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ar chur i bhfeidhm na Straitéise. Luadh freisin go mbíonn na foilseacháin bhliantúla a eisíonn Roinn an Taoisigh ar fáil go dátheangach, mar shampla, na cláir don Lá Náisiúnta Cuimhneacháin, comóradh Éirí Amach na Cásca 1916 agus comóradh Dhónaill Uí Chonaill.
Agus é ag tagairt don tuarascáil, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge nach mórán nua a bhí le feiceáil sa tuarascáil is déanaí, agus go raibh “gníomhaíochtaí seanbhunaithe á ngléasadh suas anois mar rud éigin nua”. Lean De Barra “Is ábhar imní é do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge an mhoill atá ar fheidhmiú na Straitéise a foilsíodh beagnach trí bliana ó shin, tá an t-am ag sleamhnú tharainn agus ní mhór díriú anois, mar ábhar práinne, ar mholtaí an Staidéir Chuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil chuige sin”.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Is oth le Conradh na Gaeilge go bhfuil, ar an iomlán, easnaimh mhóra sna pleananna forfheidmithe chun An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Is gá don Rialtas breis acmhainní a chur ar fáil don teanga agus ní mór dóibh a bheith níos uaillmhianaí sna spriocanna a leagann siad amach. Chomh maith leis sin, is gá don Rialtas go práinneach an pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise agus, chuige sin, an struchtúr riachtanach ardleibhéil a bhunú idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta”.

Foilsithe ar Gaelport.com