Turais Scoile na nGaelscoileanna, Bealtaine 2013
Aibreán 10, 2013
Thíos tá foirmeacha iarratas do thurais scoile na nGaelscoileanna in Ionad Náisiúnta Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí.
Is turas í seo atá á reáchtáil ag Coláiste na bhFiann le trí bliana anuas go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tugann sé deis iontach do pháistí na nGaelscoileanna éagsúla bualadh lena chéile agus an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh de gheataí na scoile.
I measc na n-imeachtaí a bhíonn ar siúl ar na turais scoile áirítear:
- Ceardlanna Drámaíochta, Drumaíochta, Amhránaíochta & Damhsa
- Tráth na gCeist
- Múineadh Rincí & Céilí
- Imeachtaí Spraíúla
Tabhair faoi deara go bhfuil dátaí faoi leith ar an bhfoirm atá dírithe ar dhaltaí na nGaelscoileanna:
- Dé Céadaoin 22/05/2013 Rang a 3&4
- Déardaoin 23/05/2013 Rang a 4&5
- Dé hAoine 24/05/2013 Rang a 5&6
Má tá ceist ar bith agat nó ag múinteoirí na scoile faoi na turais seo, nó más mian libh folúntais ar dháta faoi leith a fhiosrú, ní gá ach teagmháil a dhéanamh liom ag traic@cnb.ie nó 01-8259342.