Méid an Téacs

Ullmhúcháin do ‘‘Lá an Fhorógra” faoi lán seol i scoileanna ar fud na tíre

Eanáir 12, 2016

Ullmhúcháin do ‘‘Lá an Fhorógra” faoi lán seol i scoileanna ar fud na tíre

Chuir an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, TD, fáilte inniu roimh an obair ollmhór atá ar siúl ag scoileanna ar fud na tíre ar mhaithe leis na hullmhúcháin do Lá an Fhorógra, 15ú Márta seo chugainn.

Lá an Fhorógra mar chuid lárnach den chlár oideachais do chomóradh Éire 2016, agus ar an lá sin nochtfaidh scoileanna agus ranganna ar fud na tíre a bhforógra féin, “Forógra do Ghlúin Nua.” Tar éis dóibh machnamh ar Fhorógra 1916 tá mic léinn ar fud na hÉireann gafa faoi láthair lena gcuid Forógraí féin a dhréachtú ina leagfar amach an fhís atá acu don tír sa 21ú céad agus na luachanna gur mian leo iad a bheith i measc na bpobal againn.

De réir an Aire O’Sullivan, “D’eisigh mo Roinnse eolas inniu chuig na scoileanna go léir inar tugadh breac-chuntas ar chuid de na gníomhaíochtaí gur ceadaithe iad a mheas mar chuid de Lá an Fhorógra.  Ar ndóigh beidh an tionscadal maidir le Forógra do Ghlúin Nua ina bhunchloch ag an lá i ngach aon scoil, ach tá an-deis ann chomh maith do mhic léinn agus múinteoirí sárthaispeántas a thabhairt den raon de ghníomhaíochtaí eile a bhfuil scoileanna tar éis gabháil leo chun eachtraí 1916 a chomóradh agus chun amharc ar an am atá le teacht.”

“Faoi thús mhí Márta beidh a mbratach náisiúnta féin faighte ag na bunscoileanna agus na hiar-bhunscoileanna go léir ó na Fórsaí Cosanta nó ó Fhondúireacht Thomas F. Meagher agus moltar gur oiriúnach an bealach é le tús a chur le Lá an Fhorógra an bratach náisiúnta a ardú.”

I measc na ngníomhaíochtaí lena bhfuil scoileanna gafa mar chuid de Chlár Oideachais Éire 1916 tá:

  • Tionscadal Sinsearachta – lena rianaíonn mic léinn beatha agus saol duine gaolmhair leo nó duine de mhuintir na háite in 1916
  • Comórtas aiste staire scoileanna na hÉireann uile
  • Comórtais drámaíochta, ealaíne, filíochta, scannán agus amhránaíochta Éire 2016
  • Ina theannta sin tá cuireadh tugtha do mhic léinn píosa “Doodle 4 Google” a dhearadh chun an céad bliain a chomóradh, agus óstálfar taifid den Fhorógra do Ghlúin Nua ar shuíomh YouTube speisialta.
  • Ós rud é gur le linn Sheachtain na Gaeilge a bheidh Lá an Fhorógra, iarrtar ar scoileanna chomh maith smaoineamh ar bheith gafa le Féile na Físe arna heagrú ag Conradh na Gaeilge.

“Tá an-chosúlacht ann go mbeidh an 15ú Márta ina lá suntasach do mhic léinn, múinteoirí agus foireann scoile eile.  Tá eolas pearsanta agam ar chuid den obair shuntasach atá ar siúl i seomraí ranga agus scoileanna i mbliana agus beidh deis ag scoileanna ar Lá an Fhorógra an cumas agus an fuinneamh sin a chur ar thaispeáint i slite éagsúla.  Is mian liom a rá gur mór agam an bealach inar ghlac pobail scoile leis na tionscadail iomadúla atá san áireamh i gClár Oideachais Éire 1916 agus guím gach rath ar a gcuid oibre agus ócáidí na bliana á dtabhairt chun críche.”

Críoch.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Chlár Oideachais Éire 1916 feic:

– See more at: http://www.education.ie/ga/Preas-agus-Imeachta%C3%AD/Preasr%C3%A1itis/Preasraitis-2016/PR16-01-12.html#sthash.qylj5kAg.dpuf