Méid an Téacs

Scléip 2018 – Micléinn molta i Mainistir Fhear Muí !

Samhain 27, 2017

Tugadh ard-mholadh do na micléinn a chuaigh ar ardán ag Scléip Gael Linn 2018 san Ionad Óige, Mainistir Fhear Muí ar na mallaibh!   Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá  dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge, le béim ar na healaíona comhaimseartha.

GG 8 4AG GC Mhuire AG

Bhuaidh ‘4AG’ ( ó chlé: Caitlyn Ní Choitir, Lauryn Rís, Gwen Cúc ) ó Ghaelcholáiste Mhuire AG, An Mhainistir Thuaidh an comórtas ‘Rince Cruthaitheach – Sinsear’

GG 56 Molli Meaghan-Tresson

Buaiteoir an chomórtais ‘Amhránaíocht Aonaire le féintionlacan – Sóisear’: Molli Meaghan-Tresson, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh

 

GG 85 Tógra PCD

An grúpa ‘Togra’ ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean – ó chlé: Máirtín Ó Cathasaigh, Ally Ní Mhathúna, Ciarán Mac Gearailt, Tríona Ní Shúilleabháin. Chun tosaigh: Annie Lovisetto – a roghnaíodh le dul ar aghaidh go dtí craobhchomórtas Scléip i mí Eanáir!

Is ar an gCéadaoin, 22 Samhain 2017, a bhí réamhbhabhta seo an deiscirt  den chomórtas ar siúl, agus  bhí atmaisféar iontach san amharclann,  a bhí lán go béal le scoláirí  a thaisteal ó Chondae Chiarraí – Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Coláiste de hÍde ó Dhaingean Uí Chúis  mar aon le Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí , ó Chondae Chorcaí – Gaelcholáiste Mhuire AG, An Mhainisitir Thuaidh agus Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin,  ó Phort Láirge – Meánscoil San NIoclás, Rinn ó gCuanach, ó Chill Chainnigh – Coláiste Pobail Osraí agus ó Loch Garman – Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh.  Rinneadh léiriú ar sceitsí, ar rince chruthaitheach agus ar cheol agus amhránaíocht chomhaimseartha – go haonarach agus i ngrúpaí – agus baineadh ard-chaighdeán amach, tríd síos ! Thug na moltóirí, Liam Ó Mathúna, Enda Reilly agus Pádraig Ó Conghaile ( nó MC Muipéad mar is fearr aithne air !), aischothú do na hiomaitheoirí  uilig,  in éineacht le moltaí faoi conas barrfeabhas a chur ar ghnéithe áirithe dá léirithe.  Bhí cinntí deacra le déanamh acu faoi na míreanna a bheadh ag dul ar aghaidh go dtí  an craobhchomórtas in amharclann Clasach, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath, ar an gCéadaoin, 31 Eanáir 2018, ach ar deireadh, aontaíodh orthu seo a leanas :

Rince Cruthaitheach – Sóisear

  1. Saol Deireanach, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh

Rince Cruthaitheach – Sinsear

  1. 4AG, GC Mhuire AG, An Mhainistir Thuaidh

Sceitse Nuachumtha

  1. ‘Na Cailíní Corcora’, Coláiste Íde, An Daingean

Slua-amhránaíocht

  1. Blaisín, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh
  2. Bliain 5, Pobalscoil Chorca Dhuibhne

Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) – Sóisear

  1. Michael Holden, Pobalscoil Chorca Dhuibhne

2.Katríona Roberts, Pobalscoil Chorca Dhuibhne

Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) – Sinsear

  1. Liam Mac Siacais , Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh

Amhránaíocht Comhaimseartha, le feintionlacan ( Aonair ) – Sóisear
1.Molli Meaghan-Tresson, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman

Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Aonair ) – Sinsear
1.Adam Ó hIfearnáin, Gaelcholáiste Mhuire AG, An Mhainistir Thuaidh, Corcaigh
2.Noah Snyder, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh

Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Grúpaí ) – Sóisear
1. ‘Cailíní Binne’, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman
2.’Col-Ide’, Coláiste Íde, An Daingean, Co. Chiarraí

Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Grúpaí ) – Sinsear
1. ‘Na Buacs’, Meanscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman
2. ‘Tógra’, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí

Comhghairdeas leo uilig !