Siansa Gael Linn 2016 – buaicphointe na bliana sa Cheoláras Náisiúnta !
Aibreán 7, 2016
Tá ocht ngrúpa ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta ag cleachtadh go dian faoi láthair, agus craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2016 ag teannadh linn ! Is sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 17 Aibreán ag 7.30p.m. a bheidh buaicphointe na bliana den chomórtas seo, a chothaíonn dlúthcheangal idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige. Tá Siansa á reáchtáil ag Gael Linn le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine.
An grúpa ‘Círéib’, ó Choláistí Eoin agus Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath, a bheidh san iomaíocht ag Craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2016 sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 17 Aibreán seo chugainn.
Is iad na grúpaí a tháinig trí chóras réamhbhabhtaí le bheith ar ardán ag an mórócáid seo ná ‘‘Fuaimeanna Shliabh Luachra’, Cill Áirne, Co. Chiarraí, ‘Fiúntas’, Mainistir Laoise, Co. Laois, ‘Ciréib’, Coláistí Eoin agus Íosagáin, Baile an Bhóthair, Contae Átha Cliath,‘Réidh’, Ceoltóirí Chaisleán an Danair, Co. Loch Garman, ‘Leoithne’, Coláiste/Gaelcholáiste Choilm, Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí, Spionnadh’, Laurel Hill Coláiste, Luimneach,‘Comhar’, Muineachán agus ‘Gluaiseacht’, An Sciobairín, Iarthar Chorcaí. Seinnfidh gach grúpa a rogha féin de cheol traidisiúnta, a mhairfidh idir 10 agus 12 nóiméad agus atá cóirithe go speisialta ag na baill, agus beidh amhráin Ghaeilge le cloisteáil uathu chomh maith.
Ag cur comhairle ar na grúpaí abharacha ar a mbealach chun na craoibhe i mbliana, bhí na ceoltóirí Dónal O’Connor agus Niamh Ní Charra. Beidh Declan Masterson ag moltóireacht in éineacht leo sa Cheoláras, agus roghnóidh an triúr iomráiteach seo na duaiseoirí. Le duaischiste de €4,500, is féidir a bheith ag súil le géariomaíocht agus ardchaighdeán ceoil ar an oíche. Bronnfar príomhdhuais €2,500 agus trófaí Gael Linn ar na buaiteoirí, €1,250 don dara háit agus €750 don tríú háit. Anuas air sin, bronnfar duais chuimhneacháin ar na ceoltóirí uile a bheidh páirteach sa Chraobh.
Beidh an ceolchoirm á chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 7.30p.m. ar an oíche , agus is í Áine Hensey a bheidh mar láithreoir. Craolfar clár speisialta faoi Siansa Gael Linn 2016 ar TG4 ar an Luan, 2 Bealtaine ag 5.25p.m.
Chun ticéad a chur in áirithe don ócáid, ní gá ach dul i dteagmháil leis an gCeoláras Náisiúnta ag 01:417 00 00 nó www.nch.ie.
Lean Siansa ar Facebook Gael Linn nó ar Twitter #Siansa !