Méid an Téacs

Siansa Gael Linn 2017 – duais buaite ag scoláirí ó Ghaelcholáiste Choilm, Baile an Chollaigh

Aibreán 12, 2017

 

LEOITHNEJFR

Leoithne: Sa phictiúr, tá baill ‘Leoithne’ ( chun tosaigh, ó chlé ) Hughie Ó Conchúir, Kate Ní Shé  (dara sraith, ó chlé)  Maedhbh Ní Shé, Alannah Nic Dhomhnaill (tríú sraith, ó chlé ) Molly Ní Ghráda, Muireann Ní Shé, Oisín Ó Gráda agus ( ar chúl ) Brian Ó Broin, ag ceiliúradh tar éis dóibh an tríú háit a bhaint amach ag Craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2017 sa Cheoláras Náisiúnta ar na mallaibh.

Tháinig an grúpa ‘Leoithne’ ó Ghaelcholáiste/Coláiste Choilm, Baile an Chollaigh, Contae Chorcaí, sa tríú háit ag Craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2017 ar na mallaibh. Á reáchtáil ag Gael Linn, le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine, tá Siansa ar cheann de na mórimeachtaí ar fhéilire na gceoltóirí óga.

Bhí an Ceoláras Náisiúnta lán go béal le comhscoláirí agus cairde ceoil na n-iomaitheoirí ar an Domhnach, 2 Aibreán don ócáid bhliantúil seo. Bhí géariomaíocht i measc na ngrupaí, a tháinig ó gach cearn den tír – ‘Fiúntas’ agus ‘Lonrach’ ó Chontae Laoise, mar aon le ‘Sáile’ ó Shligeach, ‘Ragairne’ ó Chontae Átha Cliath, ‘Tigh Tara’ ó Chontae Dhoire, ‘Imreasc’ ó Chontae Luimnigh, ‘Dúchas’ ó Chontae an Chláir agus ar ndóigh, ‘Leoithne’ ó Chontae Chorcaí, a bhí faoi stiúr a múinteora Catherine Frost – don duaischiste €4,500.

Dúchas.2

An grúpa ‘Dúchas’ ó Chora Finne, Co. an Chláir, ag ceiliúradh a mbua ag Craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2017 leSeán Ó hÉanaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael LInn (ar chlé) agus Robert Heuston, (ar dheis) Irish Music Magazine

Is ar na ceoltóirí iomráiteacha Niamh Ní Charra, Declan Masterson agus Jacinta McEvoy, a thit sé na duaiseoirí a roghnú. Bhíodar an-mholtach faoi thaispeántais theaspacha na ngrúpaí uilig, ach ar deireadh, fógraíodh gurb iad na Cláirínigh, ‘Dúchas’ ó Chora Finne, na curaidh agus bronnadh Trófaí Gael Linn agus an príomhduais de €2,500 orthu! Ghnóthaigh an grúpa ‘Fiúntas’ an dara duais de €1,250. Bhí sceitimíní ar bhaill ‘Leoithne’, Brian Ó Broin, Muireann Ní Shé, Hughie Ó Conchuir, Molly Ní Ghráda, Oisín Ó Gráda, Maedhbh Ní Shé, Kate Ní Shé agus Alannah Nic Dhomhnaill, glacadh lena nduais de €750 don tríú háit. Anuas air sin, bronnadh duais chuimhneacháin ar na ceoltóirí uilig a bhí páirteach sa Chraobh.

FiúntasArStáitse

Tháinig an grúpa ‘Fiúntas’ ó Chontae Laois sa dara háit ag Craobhchomórtas Siansa Gael Linn -seo ar stáitse an Cheolárais Náisiúnta iad !

Chomh maith leis an slua mór a bhí i láthair sa Cheoláras Náisiúnta, bhí na sluaite eile ar fud na cruinne ag éisteacht leis an gcraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ba í an craoltóir aitheanta, Áine Hensey, a chuir an clár i láthair agus bhí Seán Ó hÉanaigh, Eagarthóir Stiúrtha na gClár, i láthair freisin, chun comhghairdeas a dhéanamh leis na duaiseoirí. ‘Tá ríméad i gcónaí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheith luaite le Siansa. Tá sé anois, gan dabht, ar cheann de mhór ócáidi an cheoil thradisiúnta in Éirinn faoi láthair agus tá sé ar cheann de mhór chraoltaí na bliana ag Raidió na Gaeltachta. Tréaslaíonn muid le Gael Linn agus le gach duine a ghlac páirt i mbliana!’ a dúirt sé.

Dúirt Antoine Ó Coileáin, Píomhfheidhmeannach Gael Linn, go raibh Siansa an-tábhachtach mar bhealach chun an ceol agus an Ghaeilge a chothú i dteannta a chéile. ‘Tá stair fhada ag Gael Linn ó thaobh chur chun cinn an cheoil agus na hamhránaíochta Gaeilge. Ó thosaigh Siansa 16 bliain ó shin, tá sé ag teacht ar réalta, talann leithéidí Niamh Dunne ( Beoga ), Radie Peat ( Lynched), The Bonnymen, Niamh Farrell ( Project West ) agus The Rising. Is cinnte go gcloisfear tuilleadh ó ghrúpaí 2017’, a dúirt sé. Ghabh sé buíochais le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Irish Music Magazine, agus leis na grúpaí féin as a dtacaíocht leanúnach don chomórtas.