Méid an Téacs

Smaoineamh ar Ghaelscoil i gceantar Dílseachta

Samhain 30, 2012

Tá grúpa pobail ag smaoineamh ar naíscoil nó bunscoil lánGhaeilge a oscailt i gceantar Dílseachta in oirthear Bhéal Feirste amach anseo.

“Níl a fhios againn cén uair a tharlóidh sé ach tá muid ag caint faoi faoi láthair,” arsa Linda Ervine, Oifigeach Gaeilge le Misean Bhéal Feirste Thoir ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda.

Tá an grúpa i mbun cainte leis an Roinn Oideachais maidir le maoiniú le haghaidh grúpa tuismitheoirí agus leanaí faoi láthair agus tá sé mar aidhm acu naíscoil a fhorbairt as amach anseo.

“Ba mhaith linn go mbeadh na páistí mar chuid den obair atá ar bun againn. Tá muid ag smaoineamh ar ghrúpa tar éis na scoile do thuismitheoirí agus páistí ina mbeadh na páistí ag foghlaim amhrán agus eile i nGaeilge.

”Má éiríonn leis, d’fhéadfaí Gaelscoil a oscailt chomh maith. Moladh amháin atá acu ná go mbeadh sé roinnte idir an pobal Dílseachta agus an pobal Náisiúnach sa Trá Ghearr.“Tá muid lánsásta glacadh le smaointe nua,” arsa Ervine.  “Tá sé ag brath ar éileamh agus caithfidh an t-éileamh a theacht ón bpobal.”

“Níl muid ach ag tosú amach anseo, ach is mar sin a thosaigh an Chultúrlann in Iarthar Bhéal Feirste agus b’fhéidir gur amhlaidh a bheidh sé anseo.”

Deir sí go bhfuil freagraí éagsúla faighte ar ais aici ó Aontachtóirí ó thosaigh sí ag léiriú spéise sa Ghaeilge.

“Bhí mé ag caint le déanaí le Gavin Robinson, Méara Bhéal Feirste, agus labhair sé Gaeilge liom.  Labhair mé le Peter Robinson le déanaí chomh maith ach bhí sé naimhdeach. Dúirt sé gur dearnadh polaitiú ar an teanga. Dúirt mé leis gurb é sin an fáth gur cheart do pháirtithe ar nós an DUP suim a léiriú ann chun deireadh a chur leis sin.”

“Tá díomá orm faoin bhfreagra a fuair mé ó scoileanna agus ó eaglais sa cheantar. Bhí siad báúil iad féin ach bhí eagla an domhain orthu faoin dearcadh a bheadh ag tuismitheoirí agus ag pobal na n-eaglaisí i leith na teanga.”

Dar léi, tá imní ar roinnt daoine go mbeidh Aontachtóirí níos báúla do dhearcadh polaitiúil Uile-Éireannach má fhoghlaimíonn siad Gaeilge, ach go léiríonn daoine ar nós Ian Malcolm agus Ian Adamson gur féidir le Gaeilgeoirí a bheith ina nAontachtóirí láidre.

“Tá roinnt daoine i mo chlann féin nach bhfuil róthógtha leis chomh maith.Ach é sin ráite ar fad, is é an freagra is coitianta atá faighte agam ná go bhfuil spéis ag daoine ann agus go síleann siad gur cuid dá n-oidhreacht a séanadh orthu atá ann.”

Is í Linda Ervine bean chéile Brian Ervine, deartháir an dílseora David Ervine.  Chuir sí suim sa teanga agus í ag glacadh páirte i ngrúpa trasphobail le daoine ón Trá Ghearr.

“Cuireadh cúrsa Gaeilge sé seachtainí ar fáil dúinn.  Rud a bhí spéisiúil ná nár chuir na daoine ón Trá Ghearr spéis sa chúrsa, bhí níos mó suime acu sa Bhainis Ríoga a bhí ar siúl.”

Treisíodh an spéis a bhí aici sa teanga nuair a fuair sí amach anuraidh go raibh Gaeilge ag a seantuismitheoirí de réir Dhaonáirimh 1911. Tá sí fostaithe ag an Misean le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Thosaigh cúrsa Gaeilge saor in aisce san ionad Dé Céadaoin seo caite agus bhí 20 duine i láthair.  Tá 55 duine in iomlán ag freastal ar ranganna Gaeilge san ionad.Dar léi, níl an naimhdeas glan atá ag polaiteoirí Aontachtacha i leith na Gaeilge ionadaíoch ar an spéis atá i measc an phobail.

www.gaelsceal.ie
Foilsithe ar 28 Samhain 2012