SPRAOI ag Tuistí agus Leanaí don Samhradh i gCeatharlach
Bealtaine 8, 2013
Tiocfaidh SPRAOI, an grúpa dátheangach Tuistí/Leanaí, le chéile do téarma nua an tSamhraidh ag tosnú an Satharn seo chugainn, 11 Bealtaine, 2013 ag 11 a chlog ar maidin.
Bunaíodh SPRAOI an samhradh seo caite agus tagann an grúpa le chéile gach dara Dé Sathairn in Ionad Phobal Darach Úr.
Bíonn tae agus caife do na tuismitheoirí agus comhrá dátheangach ar siúl acu fhad is a bhíonn na páistí ag spraoi. Cuirtear fíorchaoin fáilte roimh éinne go bhfuil suim acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí agus iad i suíomh spraíúil, neamhfhoirmiúil. Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge ach díreach suim agus sásta triail a bhaint aisti!
Costas €3 an chlann a bhíonn le n-íoc agus bíonn tae/caifé/brioscaí chomh maith le sú do na páistí san áireamh sa costas sin. Eagraithe i gcomhar le Comhluadar Teo tá an grúpa SPRAOI oiriúnach d’éinne le páistí suas go 5 bliana d’aois.
Tiocfaidh an grúpa le chéile ar an 11ú & 25ú Bealtaine, 8ú & 22 Meitheamh agus ar an 6ú agus 20ú Iúil. Tá gach eolas ar fáil ó Emma i nGlór Cheatharlach ar (085) 1340047. Bígí linn agus beidh fáilte roimh cách!
Carlow Nationalist – Glór Cheatharlach
www.carlow-nationalist.ie
Foilsithe ar Gaelport.com 8 Bealtaine 2013