Méid an Téacs

Teidil nua ag Cois Life.

Lúnasa 26, 2016

logo

Tá leathanaigh réamheolais ar theidil nua Cois Life le feiceáil ag na naisc thíos. Foilseofar na leabhair seo ar an 15 Meán Fómhair. Is scéinséar den scoth é An Tearmann, an cúigiú leabhar ag an údar agus iriseoir Alex Hijmans, agus oirfidh sé dóibh siúd ar mhaith leo an taobh eile – an taobh bundúchasach – den Bhrasaíl a bhlaiseadh. In Cinnlínte: Saol an Iriseora, scríobhann Deaglán de Bréadún ( Eagarthóir an Tuaiscirt le The Irish Times nuair a bhí na comhráití do Chomhaontú Aoine an Chéasta ar siúl ) faoi na buaicphointí ina shaol gairmiúl.

 

2016 AIS_Eng-Gae_Cinnlínte_saol-an-iriseora

2016 AIS_Eng-Gae_AnTearmann