Treoir maidir le Costas Maireachtála Mac Léinn 2013/14 Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT) eisithe
Iúil 11, 2013
Ardú ar chostas maireachtála mac léinn – treoir maidir le Costas Maireachtála Mac Léinn 2013/14 Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT) eisithe
Tá Saol an Champais, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC) tar éis an t-ochtú Treoir bhliantúil maidir le Costas Maireachtála do mhic léinn a eisiúint, chun cuidiú leosan a bheidh ag tosú ar chúrsa ardoideachais sa Mheán Fómhair.
Léiríonn figiúirí 2013/14 go bhfuil ardú tagtha ar chostais bhliantúla na mac léinn – mic léinn atá ina gcónaí ag baile agus as baile araon, ó anuraidh.
€7,902 an costas maireachtála bliantúil a bhíonn ar mhac léinn a chónaíonn as baile (ardú ar €7,803) agus €4,176 an costas a bhíonn ar mhac léinn a chónaíonn ag baile (ardú ar €4,095).
Léiríonn an treoir go bhfuil sé beagnach 50% níos saoire do mhic léinn agus dá muintir cónaí ag baile. Ní mór do mhac léinn a íocann cíos ar a áit chónaithe €7,902 in aghaidh na bliana a bhuiséadú nuair is €4,176 a theastódh ó mhac léinn a chónaíonn ag baile – sin sábháil de €3,726.
Costas cíosa an costas is mó ar mhic léinn. Faoi láthair tá an meán-chíos náisiúnta seasmhach, tá ardú ag teacht, áfach, ar mhargadh cíosa Bhaile Átha Cliath le hardú 4.5% tagtha air le bliain anuas.
Tá costais iompair ardaithe chomh maith. Tá ardú €6 ar an ticéad míosúil do mhic léinn Short Hop, sin €54 sa bhreis thar thréimhse naoi mí. Tá an Muirear Ranníocaíochta Mac Léinn ag ardú go €2,500 le haghaidh na bliana acadúla 2013/14.
Tá an cúlú eacnamaíocha le sonrú ar fholláine na mac léinn, a deir Brian Gormley, ó Student Life DIT. ‘Tá laghdú tagtha ar líon na mac léinn atá in ann obair pháirtaimseartha a aimsiú, agus tá go leor teaghlach faoi bhrú ag tacú lena gclann atá ag freastal ar an gcoláiste’ a dúirt sé. ‘Léirigh an suirbhé My World a foilsíodh in 2012, go raibh 60% de mhic léinn na hÉireann faoi bhrú ag an staid airgeadais ina raibh siad. Tá súil againn go gcuideoidh an treoir seo leis na mic léinn agus lena muintir buiséadú le haghaidh na bliana’.
Léiríonn an Praghasinnéacs Tomhaltóirí (CPI), Márta 2013, ardú 4.5% ar chostas oideachais. Sin anuas ar an ardú 10% anuraidh. Is é an t-ardú ar an Muirear Mac Léinn bliain i ndiaidh bliana an phríomhchúis atá leis seo.
Dea-scéala de bheagán!
• Tá na ‘costais maireachtála’ a bhaineann le freastal ar an gcoláiste fós níos lú ná mar a bhí in 2008, nuair a bhí ar mhic léinn €8,403 a bheith acu, €500 sa bhreis ar chostais in 2013.
• Tá an costas cíosa seasmhach go náisiúnta. Tá an glaoch, áfach, ar réadmhaoin ar cíos ag ardú – go háirithe i mBaile Átha Cliath – agus dá bhrí sin, ba chóir do mhic léinn a bheith sa tóir ar na láithreáin seo chomh luath agus is féidir. Sheol an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (PRTB) treoir nua náisiúnta cíosa – tá sonraí breise le fáil ar www.prtb.ie/landlords/rent-index
Tá treoir tugtha thíos ar chostas maireachtála an mhic léinn in Éirinn le haghaidh 2013/14
Costas maireachtála mhac léinn atá ina chónaí as baile | Míosúil (€) | Bliantúil (€) |
Cíos (Náisiúnta – tá sonraí maidir le Baile Átha Cliath thíosluaite) | 289** | 2601 |
Fóntais | 33 | 297 |
Beatha | 172 | 1548 |
Taisteal | 108 | 972 |
Leabhair & Ábhair | 71 | 639 |
Éadaí/Leigheas | 45 | 405 |
Fón | 32 | 288 |
Saol Sóisialta/Ilghnéitheach | 128 | 1152 |
Iomlán | 878 | 7902 |
Costas maireachtála mhac léinn atá ina gcónaí ag baile | Míosúil (€) | Bliantúil (€) |
Ranníocaíocht fóntais | 33 | 297 |
Beatha | 65 | 585 |
Taisteal | 108 | 972 |
Leabhair | 53 | 477 |
Éadaí/Leigheas | 45 | 405 |
Fón | 32 | 288 |
Saol Sóisialta/Ilghnéitheach | 128 | 1152 |
Iomlán | 464 | 4176 |
*I measc na bhfoinsí a úsáideadh chun an Treoir maidir le Costas Maireachtála Mac Léinn ITBÁC a léiriú áirítear an tuarascáil ar chíos Daft.ie Q1,2013; Praghasinnéacs Tomhaltóirí Márta 2013; An tÚdarás um Ardoideachas (HEA) Eurostudent IV (2009/10). Má thagraítear don Treoir maidir le Costas Maireachtála Mac Léinn, luaigh Saol an Champais ITBÁC le do dtoil.
**Is treoir náisiúnta í an treoir thuas, agus tá an meán-fhigiúr cíosa in aghaidh gach mac léinn i mBaile Átha Cliath níos airde ag €348. D’fhéadfadh éagsúlacht mhór a bheith ag baint le cíos i mBaile Átha Cliath, ó faoi bhun €300 in aghaidh na míosa ag roinnt seomra go €993 nó níos mó ar aonad le seomra amháin codlata i mBaile Átha Cliath 2.
***Ó tharla go n-íocann SUSI an Muirear Ranníocaíochta Mac Léinn (SCC) do 30% de na mic léinn nó os a chionn, ní áirítear an figiúr sin sna táblaí thuas ná san fhigiúr caiteachais iomlán. €2,500 costas an SCC in 2013 nó €278 in aghaidh na míosa ar feadh na bliana acadúla.
€7,803 an costas a bhí ar mhac léinn a chónaigh as baile de réir figiúirí Chostas Maireachtála na bliana anuraidh (2012/2013) agus €4,095 in aghaidh na bliana ar mhac léinn a chónaigh ag baile.
Is féidir eolas breise ar an Treoir maidir le Costas Maireachtála a fháil ar www.dit.ie/life. Tá breis eolais ar chúrsaí airgeadais agus buiséadú do mhic léinn le fáil ar www.studentfinance.ie agus ar www.itsyourmoney.ie
Chun mioneolas a fháil ar chostas cíosa i do limistéir cuardaigh féin, tá an t-innéacs náisiúnta cíosa seolta ag an PRTB. Is féidir sonraí breise a fháil ag http://www.prtb.ie/landlords/rent-index.
Tuilleadh Eolais:
Siobhán Nic Gaoithín, Oifigeach na Gaeilge, ITBÁC, gaeilge@dit.ie, 087 9807288