Trí Ghaelcholáiste nua geallta, ach éileamh ann ar níos mó!
Lúnasa 4, 2011
Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. roimh ráiteas na Roinne Oideachais agus Scileanna go mbeidh ar a laghad trí Ghaelcholáiste nua i measc an 14 iar-bhunscoil nua a osclófar as seo go ceann trí bliana. Dheimhnigh an Roinn gur scoileanna lán-Ghaeilge a bheidh sna h-iarbhuscoileanna i nDún Droma, Baile Brigín agus Carraig Uí Leighin, ach nach bhfuil pátrúin na scoileanna socraithe go fóill.
“Is cúis dóchais dúinn é go mbeidh gaelcholáistí nua sna ceantair seo atá fógartha. Bhí na pobail áitiúla i mbun dianfheachtais le blianta fada le hiar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge a éileamh dá bpáistí agus tá áthas agus faoiseamh mór orainn go bhfuil aitheantas tugtha ag an Roinn Oideachais don éileamh sin,” a dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO.
Cé go bhfuil dóchas ann don soláthar gaelscolaíochta leis an trí ghaelcholáiste nua fógartha, tá imní anois nach dtabharfaí aitheantas don éileamh ar ghaelcholáistí i Maigh Nuad agus i nDroichead Átha, dhá cheantar atá aitheanta ag an Roinn do sholáthar úr don bhliain 2014. Tá coiste bunaithe d’iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i mbun tréan stocaireachta i Maigh Nuad ó 2005 i leith, agus coiste eile i nDroichead Átha ó 2009, le líon mór daltaí réamh-rollaithe acu agus tacaíocht an phobail faighte acu dá bhfeachtais. Tá GAELSCOILEANNA TEO. ag iarraidh ar an Roinn na feachtais seo a thabhairt san áireamh agus cinneadh á dhéanamh acu ar shainmheon teanga agus ar phátrúnacht na scoileanna nua seo.
Tá athrú sa chur chuige ag leibhéal na Roinne ag teacht i bhfeidhm maidir le sainmheon scoileanna nua sa mhéid is gurb í an Roinn Oideachais a dhéanfaidh an cinneadh tosaigh faoi cé acu trí Ghaeilge nó trí Bhéarla a fheidhmeoidh scoileanna sula gcinntítear pátrún dóibh. Ní léir cén próiseas nó cé na critéir a bheas ag an Roinn le teacht ar an gcinneadh seo. Tá GAELSCOILEANNA TEO. ag éileamh go ndéanfaí an cinneadh i gcomhairle leis na páirtithe oideachais agus go dtabharfaí feachtais na gcoistí bunaithe agus soláthar na gaelscolaíochta san áireamh agus aon scoil nua á bunú. Anuas ar na ceantair thuasluaite, tá feachtais eile timpeall na tíre le gaelcholáistí a bhunú i gceantair nach bhfuil aitheanta ag an Roinn mar ceantair fáis, ach nach bhfuil iar-bhunscolaíocht trí mheán na Gaeilge ar fáil iontu. Is gá don Roinn aitheantas a thabhairt don éileamh seo chomh maith, agus tacaíocht mar is ceart a thabhairt don ghaelscolaíocht mar a gealladh sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Creideann GAELSCOILEANNA TEO. go láidir go mba cheart go mbeadh rochtain ag gach páiste ar an ngaelscolaíocht, agus leanfaimid orainn ag tacú le coistí bunaithe leis an sprioc seo a bhaint amach.
Is iad na ceantair eile ina mbeidh iar-bhunscoileanna nua á n-oscailt ná Lusca, Co. Átha Cliath, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe, Nás, Co. Chill Dara agus An Uaimh, Co. na Mí i 2013. Anuas ar sin, tá 10 scoil nua le n-oscailt i 2014, i mBaile Bhláinséir, Mullach Eadrad, Dún Droma agus Baile Brigín, Co. Átha Cliath, sna Clocha Liatha i gCo. Chill Mhantáin, i gCarraig Uí Leighin, Co. Chorcaí, i Maigh Nuad, Co. Chill Dara, i gCill Dhéagláin, Co. na Mí agus i nDroichead Átha agus Dún Dealgan, Co. Lú.