Méid an Téacs

Trí lá breise curtha le Carnabhal na nGaelscoileanna ag Cumann na bhFiann

Feabhra 2, 2016

Ar mhaith leat na páistí scoile a thabhairt ar thuras scoile iomláin trí mheán na Gaeilge, áit ina mbeidh siad ag bualadh le páistí ó Ghaelscoileanna eile? Beidh Carnabhal do dhaltaí Gaelscoile á reáchtáil ag Cumann na bhFiann arís i mbliana ó 23-05-2016 go 27-05-2016. Anuraidh d’fhreastail 9 scoil agus níos mó ná 400 dalta ar an turas scoile is mó trí mheán na Gaeilge thar dhá lá in Ionad Óige na hÉireann. Tá an-áthas ar Chumann na bhFiann trí lá de rogha bhreise a chur leis an gCarnabhal i mbliana, toisc go raibh éileamh an-ard air anuraidh.

h

Is éard is Cumann na bhFiann ann ná gréasán fairsing de chlubanna óige.  Tá clubanna á reáchtáil go seachtainiúil faoi láthair i mbreis agus 60 baile timpeall na tíre.  Bíonn clubanna ar leith ar fáil do dhaoine idir 10-13 bliana d’aois, agus clubanna eile dóibh siúd atá níos sine.

Tá tábhacht nach beag ag baint leis na clubanna óige seo do dhaltaí Gaelscoile, mar go dtugtar deis dóibh a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a fhorbairt lasmuigh den seomra ranga agus iad ag glacadh páirte in imeachtaí taitneamhacha sóisialta.  I measc na n-imeachtaí a chuirtear ar fáil sna clubanna seachtainiúla bíonn ceol, spóirt agus drámaíocht, agus tugtar an deis do dhaoine óga a gcuid spéiseanna éagsúla a chruthú trí Ghaeilge.  Trí pháirt a ghlacadh i gclubanna óige Chumann na bhFiann, cinnteofar meon dearfach i leith na teanga, agus athrófar íomhá na teanga ó ábhar scoile amháin go teanga beo atá lárnach i saol an duine óig.

Tá ceanncheathrú na heagraíochta lonnaithe i nDroim Rí, Co. na Mí, áit a bhfuil ionad eachtraíochta do thurais scoile, Ionad Óige na hÉireann, forbartha ag an eagraíocht le roinnt blianta anuas.  I mbliana, tá deis á tabhairt ag Cumann na bhFiann do Ghaelscoileanna na tíre chun teacht ar cuairt chuig Ionad Óige na hÉireann agus páirt a ghlacadh i gCarnabhal na nGaelscoileanna.   Le linn na hócáide seo, beidh an deis ag na páistí páirt a ghlacadh i réimse leathan d’imeachtaí, lena n-áirítear sóirbpheil, coraíocht súmó, agus balla dreapadóireachta inséidte!

Ócáid lántumtha atá i gceist le Carnabhal na nGaelscoileanna, agus is trí Ghaeilge amháin a chuirfear gach imeacht ar fáil.  Beidh fáilte roimh ghrúpaí ó Rang 3 go Rang 6 ó Luan 23/05/2016 go 27/05/2016.  Tá gach eolas ar fáil, ach teagmháil a dhéanamh le hOrlaith Nic Ghearailt, ag +353 1 825 9342orlaith@cnb.ie