Méid an Téacs

An Mhodhscoil – Bliots Liathróid Láimhe

Nollaig 14, 2010

Tháinig timpeall 60 dalta ón Mhodhscoil, Gaelscoil Sáirséal agus Gaelcholáiste Luimnigh le chéile an 21ú Deireadh Fómhair in Ionad Spóirt Grove Island, chun bliots liathróid láimhe a imirt . D’imir na daltaí cluichí singil cailíní agus cluichí singil buachaillí, cluichí dúbailte cailíní agus cluichí dúbailte buachaillí agus cluichí foirne.

Beidh roinnt mhaith de dhaltaí na Modhscoile agus Gaelscoil Sáirséal ag freastal ar Ghaelcholáiste Luimnigh amach anseo agus ba dheas an rud dóibh bualadh leis na scolairí atá ag freastal ar an scoil cheana féin agus feiceáil nach ró-scanrúil an áit é an mheánscoil.

Rinne Dónal Hayes agus Ger Downes an-obair ar an lá. Rinne siad an réiteoireacht ar fad agus bhronn siad na duaiseanna ag deireadh na himeachta.

Tar éis na cluichí agus bronnadh na nduaiseanna, bhí seans ag cuile duine meascadh lena chéile ar feadh tamaill roimh dhul ar ais ar scoil.

Bhain na daltaí ar fad an-sult as an lá agus bhí deis acu bualadh lena chéile agus Gaeilge a labhairt lena chéile i suíomh spraoiúil. D’imir siad liathróid láimhe den chéad scoth le cluichí iontacha le feiceáil idir Ben Walsh (Gaelcholáiste) agus Ian de Capitani (Modhscoil), agus Dearbhla Ní Riain (Gaelcholáiste) agus Caoimhe Ní Shíocháin (Modhscoil). Tá sé beartaithe againn bliots eile a chur ar siúl go luath i 2011.