Méid an Téacs

Cuairt Ghaelscoil Eiscir Riada ar Ghaelscoil Naomh Pádraig

Aibreán 3, 2012

Tháinig Gaelscoil Eiscir Riada ar cuairt chugainn anseo i nGaelscoil Naomh Pádraig i rith Seachtain na Gaeilge. Isteach le Naíonáin Mhóra ón dá scoil sa halla ag 11 a chlog. Roinneadh suas i ngrúpaí iad, an dá scoil mheasctha le chéile. Le cabhair ó Rang a Sé agus na múinteoirí bhí gníomhaíochtaí éagsúla ar siúl ag gach grúpa. Rince sa halla, scéal sa leabharlann, ealaín sna seomraí ranga, rásaíocht ar an gclós agus cluichí paraisiút taobh amuigh. Bhí seans ag na grúpaí dul ó ghníomhaíocht amháin go gníomhaíocht eile. Bhailigh muid ar fad sa halla arís ag an deireadh agus bhí rud beag deas againn chun críoch a chur leis an gcuairt. Bhí lá iontach ag na naíonáin mhóra!!!