Méid an Téacs

Gaelscoil Ros Eo – Lá Spraoi

Márta 16, 2011

Tháinig Naíonáin Mhóra agus Rang a hAon chugainn le haghaidh lá spóirt agus spraoi. Tháinig siad ag a 10 agus roinn muid na grúpaí de réir aois. Bhí dhá grúpa ann. Rinne grúpa amháin cluichí clóis lena múinteoirí ón Ghaelscoil. Chuir muid an béim ar an teanga a mhúineadh go neamhfhoirmiúil i dtús báire agus ansin rinne siad cluichí ar nós “Cén t-am é a mhac tíre?”, Seachain an Liathróid, “An ligfidh tú trasna na habhann mé?” agus cluichí tóraíochta agus rásaíocht. Spreag na páistí ón Ghaelscoil an Ghaeilge lena páistí eile.

Ag an am céanna, rinne an grúpa eile “Blitz Peile” leis an cóitseálaí ón chlub. Arís, chuir muid, agus eisean, an béim ar an Ghaeilge. Bhí na foirne uilig meascaithe idir na scoileanna.

Lean sé sin ar aghaidh ar feadh 40 nóiméad agus ansin bhí lón againn.

Théis lón, d’athraigh na grúpaí agus rinne muid na gníomhaíochtaí céanna arís.

Bhí ar na páistí ón scoil eile dul ar ais go luath. Ba bhreá linn é a dhéanamh arís do Seachtain na Gaeilge an bhliain seo chugainn, ach le lá iomlán i gceist le ceardlann ealaíne mar chuid don imeachtaí.