Naíscoil an tSratha Báin agus Naíscoil na gCrann
Nollaig 2, 2010
Bhuail páistí Naíscoil an tSratha Báin agus Naíscoil na gCrann le chéile i Playstations ar an Srath Bán. Bhí am amach acu ag súgradh lena chéile agus ag cur aithne ar a chéile i suíomh sultmhar. Shuigh na páistí síos le béile a ithe le chéile agus thug seo seans dúinn dánta, rainn agus amhráin a roinnt lena chéile. Bhí lá iontach ag na páistí ar fad agus seans acu an Ghaeilge a chloisteáil taobh amuigh den seomra ranga agus ag lucht a gcomhaoise.