Méid an Téacs

Comhaltacht Michael Jordan san Oideachas (Teagasc na Gaeilge) i gColáiste Phádraig

Bealtaine 18, 2015

Léachtóir ab ea Michael Jordan san Oideachas i gColáiste Phádraig (1952-1982), agus ba mhúinteoir bunscoile é roimhe sin. Bhain na glúinte mic léinn scileanna teagasc, eolas ar an gcuraclam agus fealsúnacht chéimnitheach oideachais amach faoina threoir. Bhí sé ina thacadóir le haghaidh an oideachais pháistelárnaigh i bhfad sula raibh bonn déanta ag an ngluaiseacht sin san oideachas príomhshrutha. Go sonrach, chreid sé go láidir i spreagadh seachas i bpionós, i míniú a thabhairt seachas an cur chuige údarásaí agus i ngné shóisialta agus phearsanta an oideachais murab ionann béim chognaíoch go díreach.

Ionad Barr Feabhais san Oideachas agus sna Daonnachtaí atá beoga agus nuálach is ea Coláiste Phádraig, coláiste de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá sé ar cheann de na hinstitiúidí is mó dá leithéid in Éirinn, agus tá thart ar 2,700 mac léinn cláraithe ar raon cláir fhochéime, iarchéime agus dochtúireachta. Suite go lárnach i Sráidbhaile Dhroim Conrach, ar an gcampas chomh maith tá an tIonad um Míbhuntáiste Oideachasúil, Ionad Oideachais Dhroim Conrach, an tIonad um Oideachas Chearta an Duine agus Saoránachta, an tIonad um Staidéar Litríochta agus Cultúrtha Leanaí agus an Clár Náisiúnta Ionduchtúcháin do Mhúinteoirí. Tá mórchlár tógála úr ar siúl faoi láthair. Tá Coláiste Phádraig bainteach i bpróiseas ionchorpraithe le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a bheidh curtha i gcrích faoin fhómhar 2016.

AN RANNÓG OIDEACHAIS
Tá níos mó ná 50 ball foirne lánaimseartha sa Rannóg, agus mar sin is í ceann de na rannóga acadúla is mó sa tír. Chomh maith le cláir a chur ar fáil ar an leibhéal fochéime agus iarchéime, tá próifíl taighde ghníomhach náisiúnta agus idirnáisiúnta ag an Roinn agus cuireann sí go mór le forbairt agus critíc bheartais san earnáil.
Tairgeann an Roinn dhá clár tosaigh oideachais do mhúinteoirí, an Baitsiléir Oideachais (BEd) (4 bliana) agus an Mháistreacht Ghairmiúil Oideachais (PME) (2 bhliain), le cohóirt bhliantúla 400 agus 100 faoi seach. Tairgeann an Roinn raon cláir fhochéime san oideachais ó leibhéal teastais go leibhéal dochtúireachta. Lena chois sin, beidh Baitsiléir úr san Oideachas Luath-Óige (BECE) a thairiscint aici in 2015.

Tuilleadh sonraí le fáil ag www.spd.dcu.ie/education

Riachtanais
Ba chóir d’iarratasóirí céim onóracha mhaith (Onóracha 2.1 nó níos fearr ná sin agus céim Mháistreachta más féidir) a bheith acu. Ba chóir go mbeadh suim speisialaithe forbartha acu chomh maith i nGaeilge a theagasc mar chéad teanga nó mar dhara teanga, agus/nó i dteagasc trí mheán na
Gaeilge. Ba chóir go mbeadh pleananna taighde forbartha acu as a mbainfidh siad céim sa taighde amach (M.Ed nó Ph.D).

Coinníollacha maidir leis an gComhaltacht
Beidh ar an iarrthóir rathúil clárú ar chéim taighde ag Coláiste Phádraig (M.Ed nó Ph.D) agus déanfaidh ball foirne maoirseacht air nó uirthi. D’fhéadfadh réimse ar bith a bhaineann le teagasc na Gaeilge i gcomhthéacs bunoideachais agus/nó oideachas múinteoirí oiriúnach don taighde seo agus ba chóir d’iarrthóirí réamhphlean taighde a chur isteach lena n-iarratas ar an gComhaltacht.

Ní mór don iarratasóir rathúil na riachtanais incháilitheachta um mic léinn Taighde/Dochtúireacht ag Coláiste Phádraig a chomhlíonadh, agus beidh orthu an próiseas caighdeánach iarratais um mic léinn Taighde a chomhlánú.

Beidh an comhalta ábalta leas a bhaint as raon tacaíochtaí laistigh den choláiste, lena n-áirítear ardobair chúrsa sa chlár Dochtúireachta (ED.D) agus beidh an deis aige nó aici chomh maith idirghníomhaíocht a dhéanamh le mic léinn taighde agus baill foirne. Beidh rochtain iomlán ar shaoráidí na leabharlainne agus ríomhaireachta ar fáil. Tairgeann Comhaltacht Jordan deis don iarrthóir rathúil fosta chun taithí a fháil ar theagasc tríú leibhéal agus déanfaidh an t-iarrthóir rathúil teagasc maoirsithe faoi mheantóireacht oideoirí múinteora a bhfuil taithí acu.

Tuarastal an Chomhaltachta
Is é scoláireacht dar luach idir €20,000 agus €22,000 (Alt 193 díolúine Scoláireachta de réir mar is infheidhme, an tuarastal le híoc gach ráithe i riaráistí) a íocfar leis an iarrthóir rathúil ag brath ar thaithí agus ar cháilíochtaí, ar feadh trí bliana ar a mhéad. Lena chois sin, beidh córas um loghadh táillí le haghaidh obair iarchéime i bhfeidhm. Ní bheidh sé/sí ina fhostaí/fostaí de chuid an choláiste le linn thionacht na chomhlachta.

Iarratas
Chun iarratas a dhéanamh ar Chomhaltacht Michael Jordan, ba chóir d’iarratasóirí réamhphlean taighde (600 focal) a chur isteach, chomh maith le CV, ina dtaispeántar go cuimsitheach á dtaithí teagaisc agus a suimeanna faoi leith sa churaclam faoi:
12 iarnóin, Dé Mairt, an 26 Bealtaine 2015 chuig:
Rannóg na nAcmhainní Daonna, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9
D’fhéadfadh sé go gcuirfí iarratasóirí faoi agallamh mar chuid den phróiseas roghnúcháin.

Ní ghlacann Coláiste Phádraig iarratais leictreonacha

Ní mór go n-éireoidh leis an iarrthóir rathúil i bpróiseas grinnfhiosrúcháin na nGardaí d’fhonn an ceapachán don áit a fháil.
Is fostóir comhdheiseanna é Coláiste Phádraig