Méid an Téacs

Dámhachtainí Fulbright 2013-2014

Lúnasa 24, 2012

Béidh an Coimisiún Fulbright ag oscailt an comórtas ar Dé hAoine (24.08.12) do Dhámhachtainí Fulbright 2013-2014 a thairgeann deontais do mhic léinn iarchéime, scoláirí agus daoine gairmiúla chun dul go dtí na Stáit Aontaithe le dul i mbun léachtóireachta, taighde nó staidéir ar feadh bliana. Anuas air seo, cuirtear réimse clár ar siúl do na buaiteoirí in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe agus faigheann siad árachas agus víosa J-1. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.fulbright.ie

Caithfidh cóip chrua chomh maith le cóip leictreonach de gach iarratas a bheith istigh faoi 3.00 i.n. 14 Samhain 2012.

Tá trí chineál dámhachtana ar fáil:

  1. Dámhachtainí Fulbright do Mhic Léinn : Suas go bliain acadúil de staidéar iarchéime nó taighde sna Stáit Aontaithe in aon réimse, na dána san áireamh. Baineann uasmhéid $20,000 leis na deontais. Is féidir le hiarrthóirí fanacht chun a gclár acadúil a chríochnú má tá sé níos faide ná bliain amháin.
  2. Dámhachtainí Fulbright do Scoláirí agus Daoine Gairmiúla  :Tá deontais ar fáil, suas go €35,000 (An Ghaeilge) agus $20,000 (Dámhachtainí Ginearálta), don lucht léinn agus do dhaoine gairmiúla, le níos mó ná cúig bliana de thaithí, chun dul i mbun taighde agus/nó léachtóireachta sna Stáit Aontaithe ar feadh tréimhse idir trí mhí agus dhá mhí dhéag.
  3. Dámhachtainí Fulbright um Chúntóireachtaí Múinteoireachta i dTeangacha Iasachta (FLTA) :Is Dámhachtainí de thréimhse deich mí iad seo do mhúinteoirí Gaeilge chun deis a thabhairt dóibh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna múinteoireachta tríd a bheith ag múineadh in ollscoil sna Stáit Aontaithe chomh maith le ranganna iarchéime a thógáil.

Tá roinnt dámhachtainí urraithe ar fáil do mhic léinn agus do scoláirí i réimsí ar leith. Ina measc tá:

  • Dámhachtain Fulbright – an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil in Uisce, Athrú Aeráide agus Comhshaol Inbhuanaithe (Mac léinn agus Scoláire)
  • Dámhachtain Fulbright – Foras na Mara in aon topaic a bhaineann le hEolaíocht / Gnó na Mara (Mac léinn agus Scoláire)
  • Dámhachtain Fulbright – Fiontraíocht Éireann sa Nuálaíocht  (Mac léinn amháin)
  • Dámhachtain Fulbright –Teagasc  i dTalmhaíocht, Bia, agus Foraoiseacht (Mac Léinn amháin)
  • L.L.M ó Fulbright – Ollscoil Notre Dame sa Dlí Idirnáisiúnta um Chearta Daonna (50% de na táillí teagaisc íoctha) (Mac léinn amháin)

Ag labhairt ag an seoladh, dúirt Una Halligan, Cathaoirleach ar Choimisiún Fulbright in Éirinn, “Bliain i ndiaidh bliana, cuireann na taighdeoirí, na daoine gairmiúla agus na hiarchéimithe is fearr in Éirinn isteach ar Dhámhachtainí Fulbright. Níl aon amhras ach go mbeidh an bhliain seo mar an gcéanna. Tugann Dámhachtainí Fulbright na hÉireann deis do na buaiteoirí staidéar agus taighde a dhéanamh chomh maith le caidrimh a chruthú sna Stáit Aontaithe. Faigheann lucht Fulbright taithí fíorluachmhar ar féidir leo a roinnt le daoine eile nuair a thagann siad ar ais agus a thugann buntáiste dóibh sna réimsí éagsúla ina bhfuil siad. Mholfainn d’aon duine a bhfuil spéis acu sna Dámhachtainí féachaint ar ár suíomh chun tuilleadh eolais a fháil”.
Bronntar Dámhachtainí Fulbright gach bliain ar mhic léinn, scoláirí agus ar dhaoine gairmiúla chun dul i mbun staidéar iarchéime agus taighde in institiúidí tríú leibhéil, cultúrtha agus institiúidí eile nach iad sna Stáit Aontaithe. Sa bhliain 2012, bronnadh dámhachtainí ar 37 duine in Éirinn – an méid is mó riamh.
Moltar do dhaoine cur isteach ar na réimsí ar fad.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Joanne A. Davidson, Oifigeach Cumarsáide agus Eolais, Coimisiún Fulbright na hÉireann.
joanne.davidson@fulbright.ie
01.660.7670 / 087.258.1417