Méid an Téacs

Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió

Lúnasa 8, 2012

Ar mhaith leat cur le do chuid scileanna craoltóireachta?

Tá Raidió Fáilte ar lorg Gaeilgeoirí le páirt a ghlacadh i gcúrsa traenála atá á reáchtáil i gcomhar le Ciste Craoltóireachta na Gaeilge le tacaíocht ó Northern Ireland Screen

Dianchúrsa i scileanna raidió agus craoltóireachta atá i gceist. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe cén chaoi clár raidió a ullmhú, a chur i láthair, a thaifead agus a chur in eagar.

Le cois bunscileanna raidió, beidh na rannpháirtithe ag foghlaim scileanna agallaimh agus cur i láthair, cén chaoi trealamh ardtheicniúil taifeadta agus eagarthóireachta Raidió Fáilte a úsáid taobh istigh den stiúideo agus úsáid ghléasanna taifeadta in-iompraithe le hagallaimh, vox-pops agus imeachtaí a thaifead taobh amuigh den stiúideo, chomh maith le modhanna taighde agus scríobh scripteanna le haghaidh clár raidió, agus eagarthóireacht agus meascadh fuaime.

Bíonn Raidió Fáilte ag craoladh scoth na gclár Gaeilge – 7 lá na seachtaine, 24 uair sa lá – óna stiúideo úrnua ar Bhóthar na bhFál Iochtarach, i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste.

Deis iontach atá sa chúrsa traenála seo le tús a chur le slí bheatha sna meáin chumarsáide mar láitheoir raidió nó mar iriseoir agus do chlár raidió féin a chruthú ar stáisiún raidió lán-Ghaeilge.

Beidh aoi-chainteoirí ag teacht isteach ó na meáin chumarsáide náisiúnta le comhairle a thabhairt do dhuine ar bith atá ag smaoineamh faoi shlí bheatha in earnáil an raidió nó sna meáin chumarsáide.

Anuas air seo, beidh an deis ag na rannpháirtithe a slot féin a fháil ar sceideal gnóthach Raidió Fáilte– an t-aon staisiún lán-Ghaeilge sa Tuaisceart!

Le tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagbháil le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh ar 028 90 310013 /donall@raidiofailte.com roimh an 03 Méan Fomhair 2012.