Méid an Téacs

Eagarthóirí Taighde – Fiontar

Samhain 27, 2013

Eagarthóirí Taighde (2 phost); Conarthaí suas le 3 bliana

Tá FIONTAR ag earcú taighdeoirí ar conradh chun oibriú ar thionscadail éagsúla sna daonnachtaí digiteacha Gaeilge. Tá cúig thionscadal taighde faoi chúram FIONTAR faoi láthair, agus beidh obair ar na tionscadail éagsúla i gceist: www.logainm.ie, www.focal.ie, www.ainm.ie, www.iate.europa.eu (na téarmaí Gaeilge) agus www.duchas.ie chun Cnuasach Bhéaloideas Éireann a dhigitiú agus a fhoilsiú ar líne i gcomhar le UCD.

Tá meitheal taighde lánaimseartha in FIONTAR agus beidh na heagarthóirí a cheapfar ag obair i ndlúthpháirt leis an bhfoireann sin.

Riachtanais:
-Céim PhD nó a hiontamhail mar aon le bunchéim onóracha sa Nua-Ghaeilge.
-Taithí chuí ar obair thaighde.
-Caighdeán an-ard sa Ghaeilge scríofa.
Tá sonrúchán na bpost seo ar fáil ar www.dcu.ie/vacancies/current.shtml

Modh iarratais:
Tá foirmeacha iarratais ar fáil ón suíomh DCU Current Vacancies (open Competitions) ag www.dcu.ie/vacancies/current.shtml agus ó:
Human Resources Department,
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath,
Glas Naíon,
Baile Átha Cliath 9.
Fón: +353 (0)1 700 5149.

Ba chóir iarratais a aighniú ar r-phost chuig hr.applications@dcu.ie nó ar facs +353 (0)1 700 5500 nó sa ghnáthphost chuig:
Human Resources Department,
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath,
Glas Naíon,
Baile Átha Cliath 9

Scála Tuarastail: Eagarthóir Taighde: €37,750–€38,860–€40,003

Spriocdháta iarratais: Dé hAoine, 13 Nollaig 2013.

Reáchtálfar agallaimh an tseachtain dár tús 13 Eanáir 2014.

Fostóir comhdheiseanna is ea Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá na poist seo á gcómhaoiniú le deontas taighde ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

Foilsithe ar Gaelport.com 27 Samhain 2013