Méid an Téacs

Éascaitheoir/taighdeoir – Scéal na Gaeilge

Márta 11, 2013

Is mian le Comhairle Cathrach Dhoire deis a fhógairt d’éascaitheoir/taighdeoir le tionscnamh Scéal na Gaeilge a fhorbairt. Oibreoidh an t-éascaitheoir go dlúth le pobal na Gaeilge i gceantar Chomhairle Cathrach Dhoire le Scéal na Gaeilge a chur le chéile.

Beidh ar an té a cheapfar díriú isteach ar Scéal na Gaeilge ina thrí chuid:
1. An teanga mar a bhí – stair na Gaeilge sa cheantar;
2. An teanga mar atá – an teanga bheo sa lá atá inniu ann;
3. An teanga mar a bheidh – mianta an phobail i leith na Gaeilge i gcomhthodhchaí nua.

Beidh sé de dhualgas ar an té a cheapfar tabhairt faoi na gnéithe tionscnaimh a leanas:

  • Taighde
  • Teagmháil le pobal na Gaeilge
  • Clár an Scéil a chur le chéile
  • Téacs do thaispeántas agus treoirleabhar beag a dhréachtú

An t-iarratas
Is féidir leat iarratas a chur isteach i nGaeilge nó i mBéarla. Má tá tú ag cur isteach iarratas i nGaeilge cuir leagan Béarla leis le do thoil.
Ní mór don éascaitheoir bheith ina Ghaeilgeoir líofa.
Cuir isteach:
CV reatha agus cáipéis clóscríofa a bhfuil an t-eolas a leanas ann:
1. ainm agus seoladh an iarratasóra mar aon le huimhir ghutháin agus seoladh ríomhphoist;
2. na fáthanna ar mhaith leat bheith mar éascaitheoir /taighdeoir ar an tionscnamh;
3. do chuid líofachta sa Ghaeilge;
4. do scileanna agus do thaithí a bheadh oiriúnach don ról mar shampla: taithí ag taighdiú; ag léamh cáipéisí stairiúla nó ag obair le hábhair chartlainne; taithí ar bith atá agat sa teicneolaíocht faisnéise; taithí ag plé le daoine nó ag obair leis an phobal
5. eolas ar do chur chuige molta leis an tionscnamh a chur i gcrích;
6. briseadh síos ar chostais – bris na costais seo síos le do ráta laethúil a léiriú, cé mhéad lá a chaithfidh tú ar an tionscnamh, agus cén céatadán den obair a chaithfidh tú ar thaighde ar an ghuthán, san oifig, nó ag obair go díreach leis an phobal, tabhair do d’aire go bhfuil buiséad ar leith ar fáil (suas go dtí £1,000) le híoc as costais a bhaineann le ceardlanna pobail a reáchtáil;
7. cén dóigh a ndéanfaidh tú an tionscnamh a mheas;
8. ainmneacha agus seoltaí do bheirt mholtóirí neamhspleácha.
Nóta: Déan cinnte de go bhfreagraíonn tú gach ceist thuas. Má éiríonn leat an conradh

Cuir dhá chóip de d’iarratas (ceann amháin acu neamhcheangailte le haghaidh fótachóipeála) chuig:
Pól Ó Frighil
Oifigeach Gaeilge
Comhairle Cathrach Dhoire
98 Bóthar na Trá
Doire BT48 7NN
Roimh 12.00in ar an Luan 8ú Aibreán 2013
Ní féidir d’iarratas a chur isteach trí fhacs nó ríomhphost.
Ainmnigh d’iarratas ‘Scéal na Gaeilge’ agus cuir an teideal sin ar an chlúdach