Méid an Téacs

Feighlithe Linbh le Gaeilge de dhíth

Nollaig 10, 2012

Má tá suim agat aire a thabhairt do pháistí, tá deiseanna iontacha fógartha faoi láthair ar Gaelport.com mar Au Pair thar lear nó mar Fheighlí Linbh i mBaile Átha Cliath.
Is deis iontach é seo roinnt taistil a dhéanamh agus do scileanna teanga a fheabhsú agus aire a thabhairt do leanaí ag an am céanna. Is í an Gaeilge an phríomhteanga a labhraítear sna teaghlaigh seo. Tá trí phost ar leith fógartha faoi láthair, Au Pair i Nua Eabhrac, Au Pair sa Ghearmáin, nó Feighlí Linbh i mBaile Átha Cliath.

· Au Pair 1: Cainteoir Dúchasach Gaeilge atá de dhíth don phost seo a bheidh lonnaithe i Nua Eabhrac, ar Víosa G5 chun aire a thabhairt do bheirt páistí.

· Au Pair 2: Iarrthóir le togha na Gaeilge atá de dhíth don phost seo a bheidh lonnaithe sa Ghearmáin. Beidh an t-iarrthóir rathúil ag tabhairt aire do pháiste amháin, agus beidh deis aige/aici Gearmáinis a fhoghlaim.

· Feighlí Linbh: Tá feighlí linbh le Gaeilge ag teastáil ó theaghlach lánGhaeilge i mBaile Átha Cliath chun aire a thabhairt do bheirt páistí.

Tá gach eolas faoi na folúntais seo, agus neart folúntas eile ar fáil ag www.gaelport.com/foluntas