Méid an Téacs

Folúntais le Gaelscoileanna Teo.

Iúil 23, 2014

Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh iarratais don 5 phost seo a leanas:

Speisialtóir Luathbhlianta, Tuaisceart Éireann: 2 phost
(Scála EO1, Oifigeach Feidhmiúcháin: £25,871 – £27,271)

Oifigeach Sinsearach Polasaí agus Forbartha
(Ardoifigeach Feidhmiúcháin: €46,081- €58,294)

Oifigeach Eolais agus Airgeadais
(Oifigeach Feidhmiúcháin: €27,464 – €43,178)

Oifigeach Forbartha: Bunú agus Buanú Naíonraí agus Scoileanna lán-Ghaeilge
(Oifigeach Feidhmiúcháin: €27,464 – €43,178)

Beidh an dá phost mar Speisialtóirí Luathbhlianta lonnaithe i mBéal Feirste i dtús ama, ach d’fhéadfaí na poist a athlonnú amach anseo.

Tá an 3 phost eile lonnaithe i gceannáras na heagraíochta i Marino, Baile Átha Cliath 9.

Tuilleadh eolais, sainchuntas poist, móide foirm iarratais le fáil ar iarratas trí ríomhphost a chur chuig blathnaid@gaelscoileanna.ie.

Eolas faoi obair na heagraíochta ar fáil ag www.gaelscoileanna.ie.

Spriocdháta le haghaidh iarratas comhlánaithe:
5.00i.n. Aoine, 8 Lúnasa 2014.

Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.