Folúntas: Bainisteoir Margaíochta Ravelóid
Meitheamh 19, 2015
Bainisteoir Margaíochta Ravelóid
Tá sé mar aidhm féile náisiúnta siamsaíochta dheireadh seachtaine a eagrú i mí an Mheithimh 2016 darbh ainm Ravelóid mar chuid d’Éire 2016. Beidh idir ceol, damhsa, caint, ceardlanna agus eile eagraithe thar an deireadh seachtaine. Beidh dhá oíche i gceist le campáil san áireamh dóibh siúd gur mian leo fanacht ann.
Cur síos ar an bpost
Beidh de dhualgas ar Bhainisteoir Margaíochta Ravelóid:
Bainistiú a dhéanamh ar mhargaíocht agus poiblíocht ar an bhféile Ravelóid
Córas a chur ar bun le ticéid a dhíol don fhéile agus dul i mbun díolacháin go rialta
A bheith mar phointe teagmhála idir Bhord Stiúradh Ravelóid Teoranta agus soláthróirí na seirbhísí éagsúla a bhainfidh leis an bhféile a eagrú, go háirithe an chomhlachta bainistiú imeachta
Cinntiú go bhfuil seirbhísí agus soláthróirí as Gaeilge ar fáil ag an bhféile
Beidh sé nó sí freagrach as eolas ar an idirlíon agus ar na meáin shóisialta a fhorbairt agus aon deis eile
a bhaint as forbairtí eile i dteicneolaíocht an eolais nuair is féidir
Dualgais eile de réir mar is gá
Cur síos ar an té a cheapfar
Cainteoir líofa Gaeilge
Cáilíocht tríú leibhéil atá in oiriúint don phost nó a chomhionann de thaithí
Ardscileanna cumarsáide, idir scríofa agus labhartha, i nGaeilge agus i mBéarla
Tá éirithe go maith leis nó léi go dtí seo i réimsí cosúil le díolacháin / bainistíocht / margaíocht
Ar a c(h)umas oibriú as láimh a chéile le baill foirne agus le hoibrithe deonacha
Scála Tuarastail:
Ag braith ar taithí agus saineolas.
Spriocdháta:
Is gá CV agus litir chumhdaigh a chur chuig raveloid2016@gmail.com faoi Dé Luain, 29 Meitheamh 2015 ag 11.00r.n.
Eolas breise:
Beidh tréimhse ó 1 Lúnasa 2015 go 31 Iúil i gceist leis an bpost seo.
Tá an fhéile á eagrú ag Ravelóid Teo. le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge, Ghlór na nGael, Nós.ie agus Oireachtas na Gaeilge.