Méid an Téacs

Folúntas: Bainisteoir, Naíonra an Teaghlaigh Naofa, Corcaigh

Bealtaine 30, 2018

Cúlra  (Background):

Is réamhscoil gaelach é Naíonra an Teaghlaigh Naofa, le breis is fiche chúig bliana.  Bhunaíodh é ag Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa, agus tá sé lonnaithe taobh leis nGaelscoil ar Bóthar na mBuaircíní, Baile Feitheán, Cathair Chorcaí.  Is comhlacht neamhbhrabhúis é, a fheidhmíonn faoin teidil “Coiste Naíonra an Teaghlaigh Naofa Teo.”

Bíonn an Naíonra oscailte do thréimse an bhliain acadúil, ó Meán Fomhar go mí Iúil. Bíonn dhá shéisiúin laethúil: 8.45 – 12.45 agus 12.00 – 15.00.  Tá 47 páistí cláraithe do Mheán Fómhar 2018, agus tá 6 oideachasóirí luathbhlianta eile páirt-aimseartha fostaithe ag an Naíonra.

Tuairisciú do (Reporting to):

Tá an bainisteoir fostaithe ag Coiste Naionra an Teaghlaigh Naofa Teo. Tá sí/sé freagrach/cúntasach do Coiste Bainistíochta an Naíonra.

Dualgaisí & Freagrachtaí  (Duties & Responsabilities):

·         Freagracht laethúil: sábháltacht & leas na bPáistí, baill fóirne, agus comhlíonadh na rialacha dlithiúil agus caighdeáin sábháltachta.

·         Bí cinnte go n-úsáidfí Aistear & Síolta mar threoir don curaclam.

·         Bí proifisiúnta i ngach idirgníomhaíocht, briathartha agus neamhbriathartha, le fostaithe, tuismitheoirí agus páistí, i gcónaí.

·         Ceannaireacht ar an ECCE – sceim ‘saor in aisce’.

·         Árd Caighdeáin de chúram & oideachas i gcónaí.

·         Coimeád Árd Caighdeáin de sláinteachas

·         Freastal ar cruinnithe agus tóg faoi traenáil leanúnach mar is gá.

·         Déán athmheas & úsdátú ar polasaithe mar is gá.

·         Cloigh leis an bpolasaí Cosaint Leanaí agus lean an imeachtas maidir le thuairisciú aon imní faoi páiste ar bith.

·         Tusla & Pobal: Coimeád taifeadaí mar atá ordaithe acu.

·         Gnó Airgeadais: bí freagrach as gnó laethúil an Naíonra, Obair leis an Párolla (bogearraí), Cloígh leis an mBuiséad, Coimeád Cúntaisí cruinn.   Comhoibriú leis an gcuntasóir ar na Ráiteasaí Airgeadais do Pobal, CRO, Coimisinéirí ioncam &rl.

·         Bheith réidh & comhoibritheadh le cigirí ó Tusla, Pobal, DES, Nera agus le moltaí a eascraíonn mar thoradh an cigireacht.

·         Comhoibriú le eagraisí áitiúla, reachtúla, saorálach a mbaineann le forbairt páistí rémhscoile.

·         Árachas iomlán ar an Naíonra, agus é a úsdátú ar bhonn bliaintiúla, agus seiceáil rialto a dhéanamh chun sábháltacht an fearas a chinntiu. that all safety equipment is maintained and regularly serviced.

·         Cruinnithe Fóirne a éascu.

·         Cumarsáid éifeachtach le thuismitheoirí.

·         Earcaíocht a cómh-órdu, breithmheas agus traenáil a eagrú don bhforeann.

·         Coimeád taifeadaí suas chun data ar gach ball fóirne.

·         Bí cinnte go bhfuil doiciméadaí polasaithe a mbaineann le reachtaíocht fostaithe suas chun data agus le fáil do gac ball den fhoireann.

·         Bheith mar ceannaire cumasach maidir le páistí, fostaithe, i gcás éigeandála.

·         Coimeád Rundaíocht.

·         Coimeád Eochair don naíonra agus do geata na scoile.

·         Cloigh leis an gcóras dianbhreathnóireachta chun a bheith cinnte go bhfuil measúnú á dhéanamh ar forbairt gach aon páiste agus go dtabhairfí an tacaíocht oiriúnach dó/dí.

·         Tabhair gach tacaíocht to thuismitheoirí páistí le riachtannaisí speisialta. Déan aon tuairisc a bheadh ag teastáil ag na thuismitheoirí nó ag na proifisiúnaigh leighis.

Sonraíocht faoin bPearsa  (Person Specifications):

·         Cáilíocht: Fetac Leibhéal 7 (QQ1) i gCúram Linbh nó a coibhéis

·         Eolas, tuiscint, taithí d’oideachas réamhscoile (Íosmhéid – 2 bhliain)

·         Taithí i rolla Ceannaire Fórne.

·         Gaeilge labhartha & Gaeilge scríofa

·         Scileanna ríomhaireachta & eagraíochta

·         Neamhspleáchas: Bheith in ann oibriú go neamhspleách.

·         Cineáltas, freagrúlacht do riachtanaisí na bPáistí agus a gClainne.

·         Cumarsáid go h-éifeachtach.

·         Airgeadas: Inniúlacht ar cúrsaí airgeadais.

·         Imréiteach Gárda

·         Tiomantas do dheiseanna comhionnanach do leanaí, a gclainne agus baill fóirne.

·         Cumas dianbhreathnóireachta ar na bpáistí chun a fhorbairt a thacú.

Riachtanaisí (Requirements):

·         Fetac Leibhéal 7 – Cúram & Oideachas Linbh, nó a coibhéis.

·         Taithí: 2 bhliain, íosmhéid, i rolla ceannaire fóirne

·         Gaeilge labhartha & scríofa

·         Scileanna eagraíochta agus ríomhaireachta

Téarmaí & Coinníollacha (Terms and Conditions):

·         Post Buan, Lán Aimseartha.

·         Tuarastal: €28,000.

·         Dáta deiridh d’iarrataisí: Aoine, 08 Meithimh 2018.

·         Seol d’iarratas chuig:  bainisteoir.ntn@gmail.com