Méid an Téacs

Folúntas: Comhalta Iardhochtúireachta Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Bealtaine 31, 2016

Tá iarratais á lorg ó iarrthóirí cáilithe do Chomhaltacht Iardhochtúireachta in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Beidh an té a cheapfar páirteach i bhforbairt an tSeimeastair Ghaeltachta, a bheas mar chuid lárnach de chúrsaí céime an BComm le Gaeilge, an BA sa Chumarsáid & Gaeilge agus an BA sa Ghaeilge. Beidh an chéad chohórt den BComm le Gaeilge ag tabhairt faoin Seimeastar Gaeltachta i Meán Fómhair 2016.

Mairfidh an chomhaltacht iardhochtúireachta ón 1 Lúnasa 2016 go dtí an 31 Iúil 2017.

Cáilíochtaí

Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag an iarrthóir:

• PhD i réimse na Pleanála Teanga, an Ghaeloideachais, na Gaeilge nó in ábhar gaolmhar eile;

• Taithí i dtimpeallacht taighde agus forbartha, go hinmhianaithe i réimse na Pleanála Teanga nó an Ghaeloideachais;

• Scileanna maithe cumarsáide, eagrúcháin agus idirphearsanta;

• Beidh sé/sí spreagtha agus beidh sé/sí ábalta oibriú as a stuaim féin;

• Beidh ardchumas sa Ghaeilge aige/aici, idir labhairt agus scríobh, mar aon le cumas maith sa Bhéarla.

Go hinmhianaithe beidh taithí ag an iarrthóir i bhforbairt polasaithe agus treoirlínte mar aon le cur amach ar chórais ríomhaireachta.

Tuarastal: €37,750 – €46,255 in aghaidh na bliana. Dáta Tosaithe: 1 Lúnasa 2016

Tuilleadh eolais faoi thaighde agus fostaíocht le OÉ Gaillimh le fáil ag Research at NUI Galway

Eolas faoi Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le fáil ag www.oegaillimh.ie/acadamh

Chun iarratas a dhéanamh: Seoltar iarratais (i.e. litir chumhdaigh, CV agus sonraí teagmhála beirt mholtóirí) i bhformáid Word nó pdf amháin chuig dorothy.niuigin@oegaillimh.ie

Ba cheart go mbeadh an uimhir thagartha NUIG 070-16 i líne ábhair an iarratais leictreonaigh.

An spriocdháta: Dé Máirt, 14 Meitheamh 2016

Beidh na hagallaimh ar siúl an 21/22 Meitheamh 2016

Is fostóir comhionannais deiseanna í Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.