Méid an Téacs

Folúntas: Gaelcholáiste Dhoire

Aibreán 28, 2015

Gaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin, Contae Dhoire

Is meánscoil nuabhunaithe é Gaelcholáiste Dhoire atá ar tí an chéad iontógáil daltaí a ghlacadh isteach i Meán Fómhair 2015.
Is soláthar iar-bhunscoile ilchreidmheach, 11-19, uile-ábaltachta, comhoideachais, lán-Ghaeilge é Gaelcholáiste Dhoire. Tá d’aidhm ag Gaelcholáiste Dhoire bheith ina sholáthar páiste-lárnach a riarfaidh ar riachtanais agus ar mhianaidhmeanna na ndaltaí uilig i dtimpeallacht tumoideachais dhinimiciúil agus spreagúil. Beidh an suíomh teanga seo mar bhonn tacaíochta faoi sholáthar barrfheabhais san oideachas le béim ar smaointeoireacht neamhspleách, anailíseach agus chruthaitheach. Tá an Ghaeilge luachmhar ag Gaelcholáiste Dhoire mar ghné atá riachtanach le féintuiscint, comhthuiscint, forbairt shamhlaíoch agus meas ar éagsúlacht chultúrtha a bhaint amach. Beidh Gaelcholáiste Dhoire ina scoil phobail a chothóidh naisc láidre leis an phobal Gaeloideachais áitiúil agus leis an phobal i gcoitinne.

DHÁ PHOST TEAGAISC (Lánaimseartha)
Tá beirt mhúinteoirí á lorg ag Gaelcholáiste Dhoire le bheith mar chuid d’fhoireann dhíograiseach, dhinimiciúil agus spreagúil. Bheadh Bord Gobharnóirí Ghaelcholáiste Dhoire sásta socrú a dhéanamh le múinteoir a ghlacadh ar thréimshe iasachta.Dáta deiridh: 5pm an 6 Bealtaine Agallaimh: an 10 Bealtaine.

Critéir riachtanacha:

• Bheith cáilithe mar mhúinteoir agus cláraithe le Comhairle Ghinearálta Teagaisc Thuaisceart Éireann (GTCNI) faoin am a dtosófaí sa phost
• Ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa
• Eolas inléirithe ar an oideachas lán-Ghaeilge agus ar phrionsabail an tumoideachais
Critéir Inmhianaithe:
• Cáilithe le dhá abhar ar a laghad a theagasc ag Eocharchéim 3
• Taithí ag cur le gníomhaíochtaí seach-churaclaim
• Taithí ag teagasc i suíomh tumoideachais
• Taithí ag déanamh soláthair do riachtanais speisialta oideachais

OIFIGEACH SINSIREACH CLÉIREACHAIS AGUS FORBARTHA
Tá duine díograiseach á lorg ag Gaelcholáiste Dhoire le bheith i mbun cúrsaí riaracháin chomh maith le forbairt acmhainní a chomhordú.
Dáta deiridh: 5pm an 13 Bealtaine 2015
Agallaimh: an 20 Bealtaine 2015
Grád: Oifigeach Sinsireach Cléireachais agus Forbartha SCP 18-25
Uaireanta: 36 in aghaidh na seachtaine (£17,333- £21,734 in aghaidh na bliana)

Critéir riachtanacha:

• Ardscileanna cumarsáide i nGaeilge agus i mBéarla (labhartha agus scríofa)
• Ardchumas ríomhaireachta – ábalta Microsoft Office a úsáid
Critéir inmhianaithe:
• Táithí ar riarachán agus/nó ar obair oifige
• Cáilíocht 3ú leibhéil
• Táithí ag obair in earnáil na gaelscolaíochta nó in earnáil na Gaeilge ar feadh tréimhse sé mhí ar a laghad
• Cumas a léiriú, le cáilíocht nó le taithí, cur le gníomhaíochtaí seach-churaclaim nó TFC a éascú

NB: Do na poist seo déanfar measúnú ar chumas Gaeilge na n-iarrthóirí le linn an agallaimh.
Beidh sé de cheart ag an phainéal ceapacháin cur leis na critéir gearrliostaithe leis an ghearrliostú a éascú.

Is féidir foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais a fháil ach ríomhphost a chur chuig Cathaoirleach an Phainéil Ceapacháin, ag gaelcholaistedhoire@gmail.com NÓ clúdach A4 a bhfuil seoladh agus stampa mór den chéad ghrád air (cinntigh go bhfuil an postas ceart air) a chur chuig Niall Ó Catháin, Cathaoirleach an Phainéil Ceapacháin, Gaelcholáiste Dhoire, f/ch An Carn, 132A Bóthar Thír Chiana, Machaire Rátha, Co. Dhoire, BT46 5NH

NÍ GHLACFAR LE hIARRATAIS MHALLA

Is fostóir comhdheise é Gaelcholáiste Dhoire Teoranta agus fáiltítear roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu gan beann ar chreideamh, inscne, míchumas, cine, dearcadh polaitíochta, aois, gnéaschlaonadh nó cé acu atá nó nach bhfuil cleithiúnaithe acu. Is ar bhonn fiúntais amháin a mheasfar gach iarratas.
Tá poist a bhaineann le hobair in institiúidí oideachasúla faoi réir fhorálacha an Ordaithe um Chosaint Páistí agus Daoine Fásta Leochaileacha (TÉ) 2007.