Méid an Téacs

Folúntas: Gaelscoil an Bhradáin Feasa

Meitheamh 25, 2014

Post bliana atá ann. Is Gaelscoil ilchreidmheach í faoi phatrúnacht an Fhorais Pátrúnachta.

Duine fuinniúil, le sár-scileanna ceannasaíochta, múinteoireachta, cumarsáide agus riarachán atá uainn. Tá ard chaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa ag teastáil ó iarratasóirí. Beifear ag súil go bhfuil suim mhór sa Ghaeloideachas ag iarratasóirí a chuireann isteach ar an bpost seo.

Iarratais i nGaeilge amháin led’ thoil. Marcáil ‘Iarratas’ chun tosaigh ar an gclúdach litreach. Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má tá aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir leis an bpost a bheith líonta ón bpainéal sin.

Sonraí ar www.educationposts.ie.