Méid an Téacs

Folúntas: Oifigeach Imeachtaí & Foilseacháin le Oireachtas na Gaeilge

Deireadh Fómhair 20, 2014

Ról: Imeachtaí/Foilseacháin
Scála: Meán Leibhéal
Tréimhse: Post Buan
Tuarastal: Ag brath ar cháilíochtaí
Fostóir: Oireachtas na Gaeilge
Áit: Baile Átha Cliath/ Gaillimh/ Tuaisceart Éireann

Teideal an Phoist: Oifigeach Imeachtaí & Foilseacháin
Beidh an tOifigeach Imeachtaí & Foilseacháin ag tacú le reáchtáil imeachtaí Oireachtas na Gaeilge agus beidh sé/sí freagrach as ábhar bolscaireachta, fógraíochta agus margaíocht a sholáthar don eagraíocht, ar an suíomh gréasáin, i bhfoilseacháin éagsúla na heagraíochta agus d’fhoilseacháin seachtracha eile. Beidh taithí chuimsitheach ag an té a cheapfar i gcúrsaí scríbhneoireachta, eagarthóireachta agus foilseacháin chlóite agus foilseacháin ar líne.

Cúraimí:

• Cabhrú le reáchtáil féilire imeachtaí Oireachtas na Gaeilge
• Téacs a scríobh do shuíomh gréasáin Oireachtas na Gaeilge, d’ábhar bolscaireachta/margaíochta na heagraíochta agus do chláir imeachtaí/féilte; agus bainistiú a dhéanamh ar an iomlán
• Blaganna agus ailt a scríobh d’fhoilseacháin ar líne
• Ábhar scríofa cuí a chur ar fáil d’úsáideoirí idirlín agus sna líonraí sóisialta i gcoitinne
• Profáil a dhéanamh ar gach uile ábhar margaíochta de chuid Oireachtas na Gaeilge

Riachtanais:

• Ní mór céim tríú leibhéal ábhartha a bheith ag an iarrthóir (m.sh., Iriseoireacht, Cumarsáid)
• Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla idir scríofa agus labhartha
• Foilsitheoireacht Deisce – InDesign, Adobe, Quark, Word & bogearraí cuí eile
• Is gá go mbeidh taithí ag an iarrthóir ar a bheith ag scríobh le haghaidh foilseachán
• Cur chuige cruthaitheach agus samhlaíoch i leith na cumarsáide idir scríofa agus labhartha
• Ardleibhéal cruinnis & súil ghéar anailíseach
• Cur amach ar anailísíocht na meán sóisialta
• A bheith in ann obair a chur i gcrích faoi bhrú sprioc-amanna
• Is gá go mbeidh taithí ghairmiúil chuí (3 – 4 bliana) ag an iarrthóir

* Tá an post seo á fhógairt ar 15 Deireadh Fómhair 2014. Reáchtálfar agallaimh ag tús mhí na Samhna agus beidh an té a cheapfar ag tosú sa phost i mí Eanáir 2015.