Folúntas: Riarthóir Oifige le Coláiste na bhFiann
Nollaig 12, 2014
SAINCHUNTAS POIST
Teideal an Phoist: Riarthóir Oifige
Freagrach do: Bainisteoir Riaracháin
Scála Tuarastail (cineál agus grád) & Pinsean:
Scála stáitseirbhíse an Oifigigh Chléireachais.
Tuarastal: €20,859 – €33,607 (i gcomhréir le cáilíochtaí agus taithí)
Tréimhse an Chonartha: Dhá Bhliain
Uaireanta Oibre:
Is idir 9.30r.n. agus 5.30i.n. go laethúil, Luan go hAoine na gnáthuaireanta oibre. Am lóin ó 1.00i.n. – 2.00 i.n. D’fhéadfadh go mbeadh uaireanta oibre lasmuigh de na hamanna seo i gceist ó am go ham.
Saoire:
Saoire bhliantúil le pá de 20 lá atá i gceist agus aon saoire phoiblí a cheadófar go náisiúnta.
Cáilíochtaí & Scileanna:
Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta;
Taithí ar chaidreamh éifeachtach a dhéanamh le daoine ag gach leibhéal;
Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh;
Scileanna ríomhaireachta;
Ardscileanna eagrúcháin agus riaracháin;
Taithí agus tuiscint ar obair airgeadais [TAS/SAGE];
Taithí agus tuiscint ar an gcóras oideachais agus ar obair óige.
Príomhdhualgais an Phoist:
Beidh an Riarthóir Oifige freagrach, mar chuid d’fhoireann trasfheidhmiúil, as:
• seirbhís fáilteora a sholáthar do Chumann na bhFiann;
• postas na hoifige a chomhordú;
• taifead ar chaiteachais agus ioncaim;
• eolas a chur ar fáil don phobal faoi obair na heagraíochta;
• ábhar bolscaireachta faoi obair na heagraíochta a ullmhú agus a scaipeadh.
• córais comhaid éifeachtach a choinneáil don eagraíocht, idir crua agus leictreonach;
• bunachar sonraí na heagraíochta a choinneáil suas chun dáta;
• tacaíocht leanúnach a chur ar fáil d’fhoireann na hoifige chun an oifig a riar;
• eagrú ócáidí/seimineáir eolais;
• aon obair eile a shocraíonn an bhainistíocht.
Áit lonnaithe:
Beidh an post seo lonnaithe i gceanncheathrú na heagraíochta, i nDroim Rí, Co. na Mí
Conas iarratas a dhéanamh:
Seol do CV agus litir iarratais chuig michelle@cnb.ie roimh 5pm ar 09 Eanáir 2015.