Méid an Téacs

Folúntas: Stiúrthóir á earcú i gCorcaigh

Iúil 21, 2016

Deis iontach do Stiúrthóir Naíonra

Tá Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra úrnua a osclóidh i Meán Fómhair 2016 i Mainistir na Corann, Co. Chorcaí. Is réamhscoil lasmuigh é agus ní mór don iarrthóir grá a bheith acu don nádúr agus bheith taobh amuigh.  Tá cábán adhmaid álainn ar an suíomh atá cóirithe le háiseanna iomlána do laethanta áirithe nuair nach n-oireann sé bheith taobh amuigh.

Uaireanta Oibre: Luan go hAoine, 08.45r.n.- 12.15i.n. do chonradh 38 seachtaine i gcomháir an scéim ECCE.

Riachtanach:

Tá cumas maith Gaeilge (labhartha agus scríofa) riachtanach don phost.

Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag iarrthóirí chomh maith, nó iad a bheith sásta tabhairt faoi:

  • CDBO Leibhéal 7 nó níos airde agus ar a laghad dhá bhliain de thaithí mar bhainisteoir naíonra.

Déan teagmháil le outdooractivekids@gmail.com roimh 22/07/2016 má tá spéis agat cur isteach ar an bpost