Méid an Téacs

Folúntas: Taighdeoir Iardhochtúireachta sa Litearthacht i DCU

Lúnasa 22, 2016

Ionad Taighde Scoil na Teanga, na Litearthachta agus an Oideachais Luath-Óige, Institiúid Oideachais DCU
Teideal an Phoist Taighdeoir Iardhochtúireachta sa Litearthacht. (Post leathama)
Téarma an Phoist Conradh ar Théarma Seasta Dhá Bhliain go Lúnasa 2018

Mar chuid den ról seo beidh ar an taighdeoir a bheith páirteach i gCreat Taighde Gairme DCU. Is é cuspóir an chreata seo ná deiseanna suntasacha forbartha gairmiúla a chur ar fáil do Thaighdeoirí agus na deiseanna is fearr ó thaobh conair gairme i gcoitinne de a sholáthar.

Cúlra & Ról
Bhain Scoil na Teanga, na Litearthachta agus an Oideachais Luath-Óige, i gcomhar leis an bhForas Taighde ar Oideachas, conradh taighde ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta chun taighde a dhéanamh ar Ghnóthachtáil agus Dhearcadh na nDaltaí i mbunscoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil stádas DEIS acu.

Príomh Chúraimí agus Freagrachtaí
Beidh an Taighdeoir Iardhochtúireachta freagrach do na Príomhthaighdeoirí agus é/í i mbun na gcúraimí seo a leanas:

  • Clár sonraithe taighde a chur ar bun faoi stiúir na bpríomhthaighdeoir
  •  Tacú leis na príomhthaighdeoirí chlár taighde a dhearadh agus a fhorbairt
  •  Sonraí a bhailiú ó dhaltaí, thuismitheoirí agus mhúinteoirí i mbunscoileanna lánGhaeilge a bhfuil stádas DEIS acu
  •  Páirt a ghlacadh in anailís ar shonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla ag baint úsáide as bogearraí cuí
  •  Tuarascálacha a scríobh ar an anailís ar shonraí ag céimeanna cuí den tionscadal
  •  Torthaí an taighde ina raibh sé/sí rannpháirteach a scaipeadh faoi stiúir na bpríomhthaighdeoirí
  •  Páirt a ghlacadh i ndeiseanna oiliúna agus forbartha cuí de réir mar a éilíonn na bpríomhthaighdeoirí, an Scoil, nó an Ollscoil
  •  Teagmháil a dhéanamh le geallsealbhóirí inmheánacha agus seachtracha, scoileanna agus comhpháirtithe acadúla san áireamh
  •  Cabhrú le tionscadail ghaolmhara faoi stiúir na bpríomhthaighdeoirí
  •  Obair riaracháin a bhaineann leis an gclár taighde a chur i gcrích de réir mar is gá

Íoschritéir
Ba chóir d’iarrthóirí céim PhD i réimse an oideachais a bheith bainte amach acu agus i réimse na litearthachta más féidir. Beidh ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa ag an té a cheapfar. Lena chois sin, tá sé inmhianaithe go mbeadh taithí ag iarrthóirí a bheith ag plé le hoideachas i suíomh lán-Ghaeilge agus / nó DEIS.

Tuarastal: € 37,750 – € 46, 255 (Pro-rata leath-ama)

Spriocdháta: 30 Lúnasa 2016

Déanfar iarrthóirí a mheas ar na hinniúlachtaí seo a leanas:
Eolas ar an réimse ábhartha agus Scileanna Taighde – Léiríonn sé/sí eolas ar an réimse taighde agus an cumas clár sonrach taighde a chur ar bun sa réimse sin

Tuiscint ar an Timpeallacht Taighde – Léiríonn sé/sí feasacht ar an timpeallacht taighde (mar shampla riachtanais comhlachtaí maoinithe) agus an cumas chun cur le hiarratais ar dheontais

An Taighde a chur in iúl – Léiríonn sé/sí an cumas eolas faoin tionscadal taighde a chur in iúl dá gcomhghleacaithe agus don phobal taighde i gcoitinne (mar shampla, cur i láthair a dhéanamh ag comhdhálacha agus taighde a fhoilsiú in irisí ábhartha) agus an cumas mic léinn a mhúineadh

Scileanna Bainistíochta agus Ceannaireachta – Léiríonn sé/sí an cumas tionscadal taighde a bhainistiú

Fiosrúcháin neamhfhoirmiúla:
An Dr Pádraig Ó Duibhir, Institiúid Oideachais DCU, Campas Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9
R-phost: padraig.oduibhir@dcu.ie Guthán: +353 (0) 1 8842074

An Bealach le hIarratais a dhéanamh
Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó Fholúntais Reatha DCU (Comórtais oscailte) ar shuíomh gréasáin na hOllscoile ag http://www.dcu.ie/vacancies/current.shtml agus freisin ón Rannóg Acmhainní Daonna, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 9. Teil: +353 (0) 1 7005149.

Luaigh go soiléir le do thoil i d’iarratas agus i dteideal do ríomhphoist an ról go bhfuil tú ag cur isteach air: Job Ref#385: Postdoctoral Researcher in Literacy

Ba chóir iarratais a chur isteach ar ríomhphost chuig hr.applications@dcu.ie nó trí Facs: +353 (0) 1 7005500 nó tríd an bpost chuig an Rannóg Acmhainní Daonna, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 9.

Is fostóir comhdheiseanna é Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath