Gradaim Fulbright um Chúntóireachtaí Múinteoireachta i dTeangacha Iasachta
Meán Fómhair 9, 2014
Céard iad féin?
Deontais iad Gradaim Fulbright um Chúntóireachtaí Múinteoireachta i dTeangacha Iasachta (FLTA) do shaoránaigh Éireannacha nó do shaoránaigh de chuid an AE atá ina gcónaí in Éirinn ar feadh trí bliana nó níos mó chun Gaeilge a mhúineadh agus chun ranganna a dhéanamh i gcoláiste i SAM thar thréimhse deich mí sna Stáit Aontaithe.
I gcás gach deontais, tá Coimisiún Fulbright ag lorg iarratasóirí den scoth a bhfuil acmhainneacht láidir ceannaireachta acu agus tiomantas don éiteas a bhaineann le bheith i do Fulbrighteoir.
Incháilitheacht
- Saoránaigh de chuid na hÉireann nó an AE atá ina gcónaí in Éirinn ar feadh trí bliana ar a laghad
- Tá saoránaigh SAM Éireannacha, sealbhóirí cárta ghlais nó cónaitheoirí reatha i SAM neamh incháilithe.
- Tabharfar tús áite d’iarrthóirí nach bhfuil taithí fhairsing acu ar SAM
- Céim BA sula bhfágtar
- Taithí nó cáilíocht teagaisc
- Inniúlacht sa Ghaeilge
- Buanna agus acmhainneacht ceannaireachta
- Tuiscint shoiléir ar a bhfuil i gceist le bheith i do Fulbrighteoir
Modh Iarratais
Má chomhlíonann tú na critéir thuas, seol ríomhphost chuig awards@fulbright.ie chun do shuim a léiriú in iarratas a dhéanamh. Luaigh sa ríomhphost:
- D’ainm iomlán
- Cáilíochtaí agus taithí teagaisc
- Leibhéal inniúlachta sa Ghaeilge
Eiseoimid nasc duit ansin chuig an gcóras iarratais ar líne (ar a nglaoitear Embark) agus na treoracha Éireannacha don iarratas.
Tá gach iarratas le bheith istigh faoi 12 Samhain 2014
Sonraí Maoinithe
- Deontas airgeadais a chlúdóidh an tréimhse deontais deich mí, chomh maith le hárachas timpiste agus éigeandála, cláir chultúrtha agus ghairmiúla, agus riarachán víosa J 1
- Caithfidh iarratasóirí a n éiríonn leo a bheith sásta glacadh le háit san institiúid SAM a thairgtear. Má dhiúltaíonn iarratasóirí a n éiríonn leo don áit a thairgtear, ní thabharfar rogha eile dóibh
- Urraíonn an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Crannchur Náisiúnta an gradam seo
Tá tuilleadh eolais ar: