Oifigeach Forbartha – Feachtas
Meán Fómhair 5, 2013
Fáiltíonn Feachtas roimh iarratais do phost mar Oifigeach Forbartha.
Riachtanais:
- Ardchaighdeán sa Ghaeilge
- Scileanna láidre idirphearsanta
- Bheith ábalta feidhmiú as a stuaim féin.
- Taithí ag obair le daoine óga
Inmholta
- Ceadúnas tiomána & teacht ar charr
- Cáilíocht sa Ghaeilge, sa Phleanáil Teanga, san obair óige nó cáilíocht oiriúnach eile.
- Scileanna ríomhaireachta
- Taithí ar na líonraí shóisialta agus/nó suímh ghréasáin.
Post ar chonradh bliana a bheidh i gceist, mar thús. Ní mór don té a cheapfar a bheith ar fáil chun dul i mbun oibre gan mhoill.
Seoltar CV roimh 12 nóin ar an Aoine 13 Meán Fómhair 2013 chuig:
Seán Ó hAdhmaill
Cathaoirleach
Feachtas
seanoh.feachtas@gmail.com
Bunaíodh Feachtas sa bhliain 1980 chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus chun cuidiú le forbairt phearsanta agus shóisialta an duine óig.
Is eagraíocht neamhspleách í Feachtas atá faoi stiúir Chathaoirleach Feachtas agus an Choiste Ceannais. Tá Feachtas mar bhall eagras de Chomhairle Náisiúnta na nÓg agus de Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus eagraíonn an eagraíocht imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge chun gréasáin shóisialta de Ghaeilgeoirí óga a fhorbairt chun úsáid na Gaeilge taobh amuigh den scoil a chur chun cinn.
Tá sé mar aidhm ag an eagraíocht úsáid shóisialta na Gaeilge a éascú trí ghréasáin a fhorbairt do lucht óg na Gaeilge. Déanann muid freastal ar dhaoine óga san aoisghrúpa 8-25 mbliana d’aois.
Foilsithe ar Gaelport.com