Méid an Téacs

Oifigeach Riaracháin á earcú ag Feachtas: Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge

Iúil 11, 2016

Oifigeach Riaracháin á earcú ag Feachtas: Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge

Tá Feachtas ag earcú Oifigeach Riaracháin le freagraíochtaí cuntais ar bhonn páirtaimseartha. Beidh freastail ar mhórimeachtaí cúpla uair sa bhliain san áireamh. Oibreoidh an té a cheapfar 14 uair in aghaidh na seachtaine thar ceithre lá.

Is eagraíocht óige Feachtas, a bhfuil sé d’aidhm aici an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus cuidiú lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta. Is balleagraíocht de Chomhairle Náisiúnta na nÓg é Feachtas agus glacann muid páirt ghníomhach i gcúrsaí óige agus i gcúsaí Gaeilge.  Oibríonn muid le daoine óga san aoisghrúpa 11-18 mbliana d’aois.

Misean

An Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus tacú lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta trí chlár fiúntach, taitneamhach agus dúshlánach a chur ar fáil i gcomhpháirt leis na daoine óga.

Fís

Go spreagtar daoine óga, trí rannpháirteachas in imeachtaí Feachtas, bheith féinmhuiníneach, gníomhach agus bródúil as an Ghaeilge agus go mbeidh pobal na Gaeilge níos saibhre dá bharr.

Riachtanais

  • Scileanna maithe eagrúcháin ar a n-áirítear scileanna ríomhaireachta
  • Taithí ar chúrsaí riaracháin agus cuntais
  • Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh
  • Scileanna láidre idirphearsanta agus cumarsáide

Beidh an post lonnaithe in oifig Feachtas i mBaile Átha Cliath agus ní mór don té a cheapfar a bheith ar fáil chun dul i mbun oibre ar an 29 Lúnasa.

Iarratas:  Ba choir (i) litir iarratais agus (ii) CV iomlán a chur chuig cathaoirleach@feachtas.ie roimh 12.00 i.n. ar an 15 Iúil. Beidh na hagallaimh ar an Mháirt an 19  Iúil.

Tuilleadh eolais ar fáil ó:  Pádraigín Nic Ghearailt, Feachtas, Oifig 8, Teach Coghill, 64 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Teil: 0861744473.  Ríomhphoist: cathaoirleach@feachtas.ie

 

Fostóir comhdheiseanna is ea Feachtas.

Tá obair Feachtas á maoiniú ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige