Méid an Téacs

Príomhoide Iar-bhunscoile

Samhain 11, 2013

Fáilteoidh Bord Bainistíochta Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua roimh iarratais ó dhaoine cuícháilithe agus le taithí ar an bpost seo a leanas, a mbeidh feidhm leis ón 23ú Eanáir, 2014:
PRÍOMHOIDE
Tuarastal:
Cáilíochtaí, coinníollacha seirbhíse agus scála tuarastail i gcomhréir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.
Liúntas Príomhoide – Catagóir XI.

Is féidir foirmeacha iarratais agus breis sonraíochtaí poist a fháil ِó Dhaibhéid Ó Laocha, f/ch. Bhord Oideachais & Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin ag 091/874535, nó trí ríomhphost chuig: enquiries@gretb.ie

Is é an dáta deiridh d’iarratais a bheith faighte (sa phost nó trí sheachadadh láimhe amháin) 4.00i.n., Dé Luain, 25ú Samhain, 2013.

Daibhéid Ó Laocha,
Rúnaí an Bhoird Bhainistíochta,
f/ch. Bhord Oideachais & Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin,
An Coiléar Bán,
Baile Átha an Rí,
Co. na Gaillimhe.

Tabhair faoi deara nach nglacfar le hiarratais i ndiaidh an spriocdháta, go ndícháileofar duine ar bith a dhéanann canbhasáil agus go bhféadfadh gearrliostú a bheith i gceist.
Is fostóir comhionannais deiseanna an Bord Bainistíochta seo.

Foilsithe ar Gaelport.com 11 Samhain 2013