Méid an Téacs

Scoláireacht sa Rannóg Pleanála & Polasaí – ÚnaG

Bealtaine 29, 2013

Tá scoláireacht suas go dhá bhliain á tairiscint ag Údarás na Gaeltachta do dhuine le líofacht Ghaeilge chun oiliúint fhoirmiúil agus taithí phraiticiúil a fháil i réimse oibre na pleanála.
Duine cumasach le cáilíocht 3ú leibhéal i bPleanáil, agus/nó in Eacnamaíocht atá á lorg. Ní mór cruinneas maith scríofa agus labhartha na Gaeilge agus Béarla chomh maith le scileanna anailíseacha ríomhaireachta d’ardchaighdeán a bheith ag iarratasóirí.
Beidh an duine seo ag tacú le foireann na Rannóige Pleanála agus Polasaí lena bplean oibre ina bhfuil gníomhaíochtaí dírithe ar ullmhú taighde agus plé cháipéisí, ag réiteach aighneachtaí ar son na heagraíochta agus ag obair ar phleananna gnímh agus ag coinneáil eolas ábhartha cothrom le dáta.
Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Ardoifig an Údaráis sna Forbacha.

Cuirtear iarratais, mar aon le CV, roimh an Aoine 7 Meitheamh 2013 chuig:
An Rannóg Acmhainní Daonna & Forbartha Foirne
Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe

T: 091 503100 F: 091 503101 Rphost: p.oconghaile@udaras.ie

Foilsithe ar Gaelport.com