Méid an Téacs

Stiúrthóir Cúnta ag teastáil ó Naíonra i gContae na Mí

Meitheamh 11, 2013

Post páirtaimseartha fadtéarmach atá i gceist, ag tosú i Mí Mean Fómhair 2013.
Is gá go mbeadh líofacht na Gaeilge ag an iarrthóir (scrúdú TEG B2 molta), mar aon le cáilíocht Leibhéal 5 nó níos airde sna Luathbhlianta.
Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag an iarrthóir chomh maith, nó é a bheith sásta tabhairt fúthu:
– Dianchúrsa FNT
– Traenáil gharchabhrach
– Traenáil ‘Tús Áite do Leanaí
Beidh gá le dhá theistiméireacht (scríofa) freisin agus le imréiteach a fháil ón nGarda Síochána.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoin bpost seo is féidir dul i dteagmháil le Joanne Uí Chuana ar 0831004362, nó seol CV chuig naionrabettystown@gmail.com chun cur isteach ar an bpost.
Is é an 28 Meitheamh 2013 spriocdháta an fholúntais seo.