Méid an Téacs

Stiúrthóir – Ionad luathoideachais

Meitheamh 12, 2013

Tá Stiúrthóir ag teastáil ón Early Years Education Centre i gCóbh, Co.Chorcaí.
Is gá go mbeadh líofacht na Gaeilge ag an iarrthóir (scrúdú TEG B2 molta), mar aon le céim Leibhéal 7 nó a 8 sna Luathbhlianta.
Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag an iarrthóir chomh maith, nó é a bheith sásta tabhairt fúthu:
– Dianchúrsa FNT
– Traenáil gharchabhrach
– Treanáil ‘Tús Áite do Leanaí’
Beidh gá le dhá theistiméireacht (scríofa) freisin agus le imréiteach a fháil ón nGarda Síochána.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoin bpost seo is féidir dul i dteagmháil le Margaret Barry-Murphy ar 0214814378 nó ar earlyyearscobh@gmail.com.
Is é an 12 Iúil 2013 spriocdháta an fholúntais seo.

Foilsithe ar Gaelport.com