Méid an Téacs

40 scoil lán-Ghaeilge san áireamh i bplean tógála an Rialtais

Márta 13, 2012

Tá fógartha ag an Aire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn T.D go bhfuil 275 tionscadal tógála scoile ceadaithe inniu mar chuid de phlean nua cúig bliana do chóiríocht scoile. Tá 40 scoil lán-Ghaeilge san áireamh sa phlean tógála.

Caithfear €1.5 billiún mar chuid den chlár infheistíochta agus mar chuid den tionscadal beidh 106 foirgneamh bunscoile le tógáil agus cuirfear síntí le 65 bunscoil agus le 43 meánscoil.

Ceaptar go gcuirfear go mór le líon na ndaltaí a bheidh ag freastal ar scoileanna idir seo agus 2018 mar gheall ar an méadú ar an ráta-beireatais sa tír le tamall de bhlianta anuas. Beidh 70,000 dalta breise ag freastal ar scoileanna idir seo agus 2018.

Cruthófar 100,000 áit scoile mar chuid den tionscadal tógála agus beidh an tionscadal á riaradh i gcomhpháirt le coistí gairmoideachais, comhairlí contae agus Oifig na nOibreacha Poiblí.

Chuir GAELSCOILEANNA TEO fáilte roimh an ráiteas ach dúirt an eagraíocht áfach go mbeadh díomá ar scoileanna eile atá ag fanacht le fada ar cóiríocht chuí ach nár tugadh san áireamh iad ar liostaí na Roinne Oideachais agus Scileanna don tréimhse 2012-2015.

Tá 27% de bhunscoileanna agus 38% de na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge sa tír gan cóiríocht buan nach bhfuil ar aon liosta cóiríochta ag an Roinn agus tá 60% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge a bunaíodh le 25 bliain anuas i gcóiríocht sealadach faoi láthair – sin gan trácht a dhéanamh ar scoileanna eile atá tar éis fás ón am a bhfuaireadar foirgneamh buan agus a bhfuil ag úsáid cóiríocht sealadach do chuid den scoil.

Beidh 22 bhunscoil faoi an Foras Pátrúnachta ag fáil scoil iomlán nua agus beidh síneadh á chur le 2 bhunscoil eile faoin bpátrún. Chuir Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta fáilte roimh an ráiteas.  “Tá An Foras Pátrúnachta ríméadach faoin bhfógra ar an bplean cúig bliana. Tá formhór de na scoileanna againn ag fanacht le fada leis an dea-scéal seo ón Roinn Oideachais. Cuirfidh na foirgnimh nua agus na forbairtí go mór le timpeallacht na scoile agus le leas mhuintir na scoile”, a dúirt sé.

I dtaca le Gaelscoileanna, léirigh an eagraíocht díomá  nach bhfuil scoileanna ar an liosta cé go bhfuil siad ag fanacht le fada an lá le cóiríocht bhuan.  Thug siad le fios inné go ndéanfar teagmháil leis an Roinn Oideachais chun an cheist a fhiosrú agus a gcás a chur chun cinn.

Scoileanna lán-Ghaeilge a bheidh san áireamh sa tionscadal tógála:

2012: Obair tógála ar bun
Gaelscoil Uí Fhiach, Cill Dara
Gaelcholáiste Oiriall, Muineacháin
Gaelscoil Ultain, Muineacháin
Gaelscoil Uí Riordán, Corcaigh
Gaelscoil Chloich na Coillte, Corcaigh
Gaelscoil Adamhnáin, Dún na nGall
Gaelscoil Eiscir Riada, BÁC
Gaelscoil na Deise, Port Láirge
Coláiste Áiligh, Dún na nGall

2013: Obair tógála le tosú
Gaelscoil An Ghort Álainn, Corcaigh
Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Gaelscoil Chaladh an Treoigh, Luimneach
Gaelscoil Na Mí, An Mhí
Gaelscoil Éadan Doire, Uíbh Fháilí
Gaelscoil Inis Córthaidh, Loch Garman
Gaelscoil Moshíológ, Loch Garman
Gaelscoil an tInbhir Mhóir, Cill Mhantain
Gaelscoil na gCloch Liath, Cill Mhantáin

2014: Obair tógála le tosú
Gaelscoil Mainistir na Corann, Corcaigh
Gaelscoil & Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin, Corcaigh
Gaelscoil nua, an tSeanbhábhún, BÁC
Gaelscoil Bharra, BÁC
Gaelscoil Bhaile Munna, BÁC
Bunscoil Coláiste Mhuire, BÁC
Gaelscoil nua, Cnoc na Cathrach, Gaillimh
Gaelscoil Riada, Gaillimh
Gaelscoil an Ráithín, Luimneach

2015:Obair tógála le tosú
Gaelscoil de hÍde, Corcaigh
Gaelscoil nua, An Chéim, BÁC
Gaelscoil an Chuilinn, BÁC
Gaelscoil Ros Eo, BÁC
Scoil Lorcáin, BÁC
Gaelscoil Iarfhlatha, Gaillimh
Gaelscoil Riabhach, Gaillimh
Coláiste an Eachréidh, Gaillimh
Gaelscoil de hÍde, Gaillimh
Gaelscoil Liatroma, Liatrom
Gaelscoil an Longfoirt, Longfort
Gaelscoil an Bhradáin Feasa, An Mhí
Gaelscoil Chill Mhantain, Cill Mhantain