Scléip ar Raidió na Gaeltachta
Tá dea-scéal againn a thabharfaidh spreagadh do na daltaí agus iad i mbun cleachtadh do Scléip 2013; beidh an ceoltóir agus craoltóir Fiachna Ó Braonáin linn arís i mbliana le taifead a dhéanamh ar an gcomórtas, agus craolfar 5 chlár bunaithe ar chraic agus ceol Scléip 2013 ar Raidió na Gaeltachta. Tá súil againn go mbainfidh rannpháirtithe Scléip 2013 oiread taitneamh as bheith ina réaltaí raidió is a bhain iomaitheoirí na bliana seo chaite, agus is cinnte gur bhain éisteoirí Raidió na Gaeltachta an-sult as na cláir, a tugadh ard-mholadh dóibh as feabhais an cheol agus siamsaíocht a bhí le cloisteáil iontu.
Rinne Raven Productions 5 chlár do Raidió na Gaeltachta as na babhtaí agus craobh Scléip 2012 agus craoladh iad ar na dátaí thíos:
- Babhta Laighean: 9ú Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n
- Babhta Mumhan: 16ú Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n
- Babhta Ulaidh: 23ú Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n
- Babhta Chonnachta: 30ú Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n
- Craobh Ceannais: 7ú Iúil 2012 @ 9.00 r.n
Comhghairdeas arís leis na rannpháirtithe agus a gcuid scoileanna agus ár mbuíochas mór le Fiachna Ó Braonáin agus a fhoireann as Raven Productions, a rinne taifead ar an gcomórtas i mbliana thar ceann Raidió na Gaeltachta.




