Méid an Téacs

Fóram do Phátrúnacht agus Iolrachas le bunú

Márta 29, 2011

Bunófar fóram do phátrúnacht agus iolrachas ag an mbunleibhéal agus cuirfear tús le hathbhreithniú ar phátrúnacht sna scoileanna roimh an Cháisc.

Thug an tAire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn TD le fios go reáchtálfar cruinnithe poiblí ar an gceist agus tugadh cuireadh do thrí eagraíocht déag páirt a ghlacadh sa phróiseas, Gaelscoileanna Teoranta agus An Foras Pátrúnachta ina measc.

Is é an Dr John Coolahan, Ollamh Emeritus Ollscoil na hÉireann Maigh Nuad a bheidh mar chathaoirleach ar an bhfóram agus beidh an Dr. Caroline Hussey  iar-Chláraitheoir agus Uachtarán Ionaid na Coláiste hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Fionnuala Kilfeather, iar-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí ar an gcoiste comhairleoireachta.

Chuir Gaelscoileanna Teo. fáilte roimh ráiteas an Aire inné. Deir Mícheal Ó Broin go bhfuil an eagraíocht sásta go mbeidh saincheisteanna a bhaineann le héileamh ar an ngaelscolaíocht le plé ag an bhfóram.

“Is cúis dóchais dúinn go bhfuil éileamh ar na ngaelscolaíocht luaite go sonrach sa ráiteas agus tá sé tábhachtach go n-aithneofar gur sainmheon teanga atá i gceist leis an ngaelscolaíocht, agus go bhfreastalaíonn scoileanna lán-Ghaeilge ar na sainmheoin creidimh uile”, a deir sé.

Ní bheidh an Roinn Oideachais ag tarraingt siar ar cheist an chóimheasa- Quinn

Márta 29, 2011

Thug an tAire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn TD le fios sa Dáil an tseachtain seo caite nach mbeidh an Roinn Oideachais ag tarraingt siar ón gcinneadh go n-ardófar cóimheas daltaí le múinteoirí i ngaelscoileanna na tíre ó Mheán Fómhair na bliana seo.

Chuir sé an milleán ar an rialtas deireanach mar gheall go raibh ciorruithe airgeadais le cur i bhfeidhm ag an Roinn. Thug an tAire le fios go gceaptar go gcaillfear 50 post i ngaelscoileanna san fhómhair.

Dúirt sé go ndéanfaí iarracht seirbhísí oideachais a chosaint ó na ciorruithe ach go mbeadh ar ghaelscoileanna mar aon le gach aon seirbhís eile glacadh le hacmhainní laghdaithe amach anseo.

Beidh an cóimheas sna gaelscoileanna ar aon leibhéal leis na scoileanna a dhéantar teagasc trí Bhéarla.  Tá Gaelscoileanna na tíre buartha faoi chinneadh na Roinne Oideachais go n-ardófar cóimheas daltaí le múinteoirí ó Mheán Fómhair na bliana seo.

“Ní hamháin go bhfuil na gaelscoileanna ag fulaingt go míchothrom de bharr cúinsí drochchóiríochta, agus éagothroime sa chóras ó thaobh tacaíochta de, ach anois tá an bonn á bhaint den chóras trí bhrú breise a chur ar acmhainní fíor-shrianta. Tá sé scannalach agus do-ghlactha go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge thíos leis arís ”, arsa Mícheal Ó Broin Uachtarán Gaelscoileanna Teo a sheol feachtas i gcoinne an chinnte le déanaí.

Postanna i nGaelscoileanna faoi bhagairt

Márta 22, 2011

Tá Gaelscoileanna na tíre buartha faoi chinneadh na Roinne Oideachais go n-ardófar cóimheas daltaí le múinteoirí ó Mheán Fómhair na bliana seo. Tá an baol ann go mbeidh ar ghaelscoileanna múinteoirí a ligean chun siúil má chuirtear an cinneadh i bhfeidhm.

Sheol an eagraíocht feachtas oifigiúil ‘Cosain an Cóimheas’  i gcoinne fógra na Roinne os comhair na Dála ar 15 Márta. Feachtas is ea ‘Cosain an Cóimheas’ i gcoinne fógra na Roinne  Oideachais agus Scileanna maidir le deireadh a chur leis an socrú reatha cóimheas daltaí le múinteoirí atá i bhfeidhm sna gaelscoileanna.

Tá sé fógartha go mbeidh na gaelscoileanna ar aon leibhéal leis na scoileanna a dhéantar teagasc trí mheán an Bhéarla ó Mheán Fómhair 2011, athraithe a bheidh an-tromchúiseach do na scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil idir triúr agus ochtar múinteoirí acu, ach go háirithe.

Beidh míbhuntáistí ag baint leis an gcinneadh do dhaltaí óga sa mhéid go dtuarfar go mbeidh  laghdú iomlán ar eispéireas éifeachtach foghlama an pháiste agus go mbeidh ar roinnt scoileanna múinteoirí a ligean chun siúil.

Dar le Michael Ó Broin, Uachtarán Gaelscoileanna Teoranta, “Tá suas le 31 scoil a chaillfidh múinteoir amháin má chuirtear an moladh seo i bhfeidhm. Caillfidh ceithre scoil eile beirt mhúinteoirí agus beidh ar na príomhoidí filleadh ar ais ar an seomra ranga i gcás 6 scoil.”

Deir sé gur  “buille marfach i ndiaidh buille marfach” atá ann. “Ní hamháin go bhfuil na gaelscoileanna ag fulaingt go míchothrom de bharr cúinsí drochchóiríochta, agus éagothroime sa chóras ó thaobh tacaíochta de, ach anois tá an bonn á bhaint den chóras trí bhrú breise a chur ar acmhainní fíor-shrianta. Tá sé scannalach agus do-ghlactha go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge thíos leis arís.”

Cháin Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí, Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge Teo., an cinneadh: “Braitheann ár scoileanna go bhfuil neamhaird agus ionsaí á dhéanamh ag an Roinn orthu. Má leantar leis seo caillfidh múinteoirí postanna agus níl painéal ceadaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna do scoileanna an Fhorais Pátrúnachta fós, cé gur aontaíodh i bprionsabal leis an Roinn go gcruthófaí painéal don Fhoras i 2004.”

“Má chuirtear é seo in éineacht leis an easpa cóiríochta atá ag tromlach de na scoileanna, ardaítear ceisteanna maidir le dearcadh na Roinne i dtreo an Ghaeloideachais”, a deir sé.

Cumas sa Ghaeilge ag os cionn 50% den tír

Márta 22, 2011

De réir pobalbhreith náisiúnta de chuid Lastminute.com ar scileanna teanga in Éirinn a cuireadh i gcrích le déanaí, bhí Gaeilge líofa ag os cionn leath de na daoine a cuireadh faoi agallamh.

Is ina measc siúd idir 18-25 bliain d’aois a bhí an cumas Gaeilge is airde, le 56% ag maíomh go raibh Gaeilge líofa acu.

1,000 duine a ghlac páirt sa suirbhé náisiúnta seo, agus de réir na dtorthaí bhí cumas labhartha Gaeilge ag 54% de na daoine i gConnachta/Ulaidh i gcomparáid le 46% i mBaile Átha Cliath/Laighin,  agus 45% i gCúige Mumhan.

Astu siúd le cumas labhartha Gaeilge, labhair 46% acu Gaeilge sa tseachtain dheireanach, agus labhair 21% acu í sa mhí dheireanach.  Labhair 57% de na daoine idir 18-25 bliain d’aois an Ghaeilge an tseachtain chéanna is a ghlac siad páirt sa tsuirbhéireacht.

Tagann an phobalbhreith náisiúnta seo de chuid Lastminute.com, sna sála ar thorthaí pobalbhreithe de chuid Ipsos/MRBI a foilsíodh an mhí seo caite mar ar cuireadh agallamh ar 1,000 duine  a bhí os cionn 15 bliana d’aois maidir lena ndearcadh i leith na Gaeilge mar ábhar éigeantach Ardteiste, ach go háirithe.   Mheas 57% de na rannpháirtithe go bhfuil sé tábhachtach go bhfásfaidh páistí in Éirinn aníos ag foghlaim Gaeilge.

I measc an aoisghrúpa 25-34 bliain d’aois mheas 69% go bhfuil sé tábhachtach go bhfásfaidh páistí in Éirinn aníos ag foghlaim Gaeilge.

Mheas 61% gur chóir an Ghaeilge a mhúineadh go leibhéal na hArdteiste.  Mheas 65% gur fiú tuilleadh ábhar a mhúineadh trí mheán na Gaeilge i mbunscoileanna le páistí a spreagadh leis an teanga a úsáid níos minice. Agus i measc an aoisghrúpa 15-24 bliana d’aois – mheas 79% gur fiú tuilleadh ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge i mbunscoileanna.

Dúirt 61% gur chóir go mbeadh an Ghaeilge éigeantach go leibhéal na hArdteiste. Léiríonn na figiúirí thuas, ní hamháin go bhfuil muintir na hÉireann báúil don teanga, agus go dtacaíonn siad léi mar ábhar éigeantach suas go dtí leibhéal na hArdteiste, ach go bhfuil cumas sa teanga ag an nglúin óg atá ag teacht in inmhe i láthair na huaire.  Ábhar dóchais agus ábhar misnigh iad na torthaí seo do chur chun cinn na Gaeilge.

Áiseanna digiteacha úra sa seomra ranga

Márta 16, 2011

Seoladh tionscnamh nua in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a thugann deis do mhúinteoirí áiseanna digiteacha a úsáid sa seomra ranga.

Chruthaigh mic léinn an Dioplóma Iarchéime san Oideachas (DIO) i Scoil an Oideachais OÉ Gaillimh, ceachtanna idirghníomhacha ilmheánacha as Gaeilge ag baint úsáid as Matchware Mediator.

Teicneolaíocht ar leith atá anseo, urraithe ag COGG (Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta), agus beidh na háiseanna ar fáil do mhúinteoirí agus do dhaltaí ar fud na tíre. Tugann sé seo deis do mhúinteoirí acmhainní digiteacha a úsáid ar bhealach cruthaitheach, núálach.

Díríonn siad ar theagasc na Gaeilge agus ar theagasc ábhair eile an churaclaim trí mheán na Gaeilge chomh maith. Tagann sé seo le fís COGG a deireann -“freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge.”

Dúirt an tOllamh Chris Curtin, Ceann Scoil an Oideachais, “Tabharfaidh an fhorbairt seo eispéiris atá tarraingteach agus bríoch le cuidiú le mic léinn foghlaim ar bhealaí atá spreagúil”

An Chomhdháil ag Fáiltiú Roimh bhunú an 31ú Dáil

Márta 10, 2011

Déanann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge comhghairdeas le Enda Kenny, T.D., ar a thoghadh mar Thaoiseach inné sa Dáil.  Treaslaíonn an Chomhdháil leis na hAirí Rialtais nua-cheaptha agus guímid gach rath orthu agus iad i mbun ghnó mar bhaill den Rialtas sa 31ú Dáil.  Déanaimid comhghairdeas ach go háirithe leis an Aire Jimmy Deenihan, T.D., ar a cheapachán mar Aire Gnóthaí Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Bhí súil ag an gComhdháil, agus na Ranna Rialtais á bhfógairt, nach mbeadh cúlú ón ngealltanas sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go mbeadh Aireacht shinsearach ar a mbeadh lárfhreagracht maidir le cúrsaí Gaeilge.  Tréaslaíonn an Chomhdháil leis an Rialtas nua, as beart a dhéanamh de réir a briathar tríd an Roinn Gnóthaí Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bhunú, mar aon le freagrachtaí speisialta ar ghnóthaí Gaeltachta a bhronnadh ar Aire Stáit.

Dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Maidir le Clár an Rialtais 2011 – 2016, tá go leor rudaí dearfacha i leith na Gaeilge sa chlár sin.  Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag tnúth le comhoibriú leis an Taoiseach, leis an Aire Deenihan, agus leis an Aire Stáit a bheidh freagrach as gnóthaí Gaeltachta, ar cheisteanna chur chun cinn na Gaeilge amach anseo. Féachfaidh an Chomhdháil chuige go ndíreoidh an Rialtas ar chur i bhfeidhm an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus go neartófar seasamh na Gaeilge trí fheidhmiú Chlár an Rialtais sa tréimhse 2011-2016”.

Dhá ghaelscoil nua le bunú i gCúige Laighean

Márta 8, 2011

Cuireadh fáilte roimh fhógra na Roinne Oideachais inné go mbeidh dhá ghaelscoil nua ag oscailt i gcúige Laighean sna blianta atá amach romhainn.
Beidh na gaelscoileanna seo lonnaithe i gCill Dheagláin i gContae na Mí agus i Mullach Eadraid i mBaile Átha Cliath.

Tá an Foras Pátrúnachta mar phátrún ar an dá scoil ach thug siad le fios inné nár bhfuair siad gealltanas ón Roinn Oideachais go dtógfaí cóiríocht buan.

Táthar ag súil go n-osclófar an ghaelscoil i gCill Deagláin i Meán Fómhair na bliana seo agus go n-osclófar an scoil eile i Mullach Eadraid an bhliain seo chugainn.

D’fhógair an Roinn inné gur cheadaigh an tAire Mary Coughlanna gaelscoileanna agus do na trí scoil ilchreidmheacha eile atá le hoscailt faoi phátrúnacht Educate Together an tseachtain seo caite.

Buntáiste Breise na Gaeilge le plé i gCeatharlach

Márta 8, 2011

Ar an Déardaoin, 24 Márta 2011 beidh seimineár Buntáiste Breise na Gaeilge á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge in Óstán An Dolmen i gCeatharlach.

I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid, beidh bainisteoir ar an tseirbhís le Cumann na bhFiann agus an craoltóir cumasach Traic Ó Braonáin. Labhróidh Mairéad Ní Mhurchú atá ina Léiritheoir Stiúrthóir le Nemeton ar a cuid taithí féin ina post i nGaeltacht na Rinne i bPort Láirge.

Déanfaidh Eibhlín De Paor cur síos ar a post mar Áisitheoir Ealaíon le hEalaín na Gaeltachta agus na buntáistí agus na deiseanna éagsúla a thug an Ghaeilge dí agus í ag dul i mbun gairm bheatha.

Ag labhairt freisin beidh Emma Whitmore, bean atá ina hOifigeach Forbartha Gaeilge le Glór Cheatharlach.  Tabharfaidh Emma léargas ar a cuid oibre agus na dúshláin a bhíonn aici ag cur chun cinn na Gaeilge ina ceantar.

D’eagraigh Comhdháil Náisiúnta deich gcinn de na seimineáir seo timpeall na tíre le breis is dhá bhliain anuas agus go dtí seo d’éirigh thar barr leo, le suas le 2,400 dalta scoile as 74 iar-bhunscoil i láthair ag na seimineáir seo go dtí seo.

Táthar ag súil go mbeidh an cur i láthair seo spreagúil, spleodrach, agus go rachaidh an taithí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.  Ar ndóigh, cuirfear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tugtar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na hAoichainteoirí labhairt.

Beidh seastáin eolais agus ionadaithe ó roinnt institiúidí tríú leibhéal i láthair chomh maith, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.

Is féidir tuilleadh eolais faoin seimineár seo a fháil ach glaoch a chur ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag 01 679 4780 nó r-phost a chur chuig brighid@comhdháil.

An Ghaeilge i gClár an Rialtais

Márta 8, 2011

Is cosúil gur tháinig an dá pháirtí a bheidh ag glacadh páirte sa chomhrialtas nó sa rialtas náisiúnta ar chomhréiteach de shaghas éigin maidir le stádas na Gaeilge san Ardteistiméireacht amach anseo.

Ba léir áfach go raibh cuid mhaith de na gealltanais a rinneadh i ndréacht-chlár an Rialtais bunaithe ar fhorógra Fhine Gael ach go háirithe.

Ghlac páirtí parlaiminteach Fhine Gael leis an gcáipéis dar teideal ‘Towards Recovery: Programme for National Government’ ar an Domhnach tar éis gur ghlac ionadaithe ó Pháirtí an Lucht Oibre leis an gcáipéis ag comhdháil a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn.

Leagtar síos sa cháipéis seacht mórsprioc maidir le polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta sna blianta amach romhainn.

An Ghaeilge san Ardteist
Deirtear ann go glacfar céimeanna le go dtiocfaidh feabhas ar mhodhanna theagasc na Ghaeilge ar an dara leibhéal agus nach mbeadh athbhreithniú ann go dtí go glacfar na céimeanna sin.

Gheall Páirtí an Lucht Oibre ina fhorógra go gcoinneoidh an páirtí an Ghaeilge mar cheann de na trí ábhar éigeantacha don Ardteistiméireacht. Ní dhearnadh ráiteas chomh soiléir sa dréacht-chlár a foilsíodh arú inné ach dúradh go bpléifear an cheist tar éis go reáchtálfar athbhreithniú ar mhodhanna múinte ag  an dara leibhéal amach anseo.  

Chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh an gcinneadh ach mhol Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir na Comhdhála,  “go bhfeidhmeoidh an Rialtas polasaí Gaeilge sa chóras oideachais a bheidh bunaithe ar fhianaise agus ar dhea-chleachtas pleanála teanga, agus go mbeadh na struchtúir agus na tacaíochtaí cuí i bhfeidhm ar feadh tréimhse shonrach ar mhaithe le seasamh na Gaeilge a neartú sa tréimhse sin.”

Ní luaitear sa cháipéis nua an tuairim a bhí ag Fine Gael roimhe seo,  ‘nár chothaigh an Ghaeilge éigeantach fás na teanga nó grá don teanga’.

An Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge
Is léir gur tháinig na páirtithe ar chomhréiteach maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise amach anseo chomh maith.   Le linn an toghcháin, gheall Fine Gael go dtacófaí le ‘mórán gnéithe’ den straitéis. Anois tá an chuma ar an scéal go mbeidh Rialtas nua ag tacú leis an Straitéis ina iomláine ar an gcoinníoll, áfach go dtacófaí leis na spriocanna “gur féidir a bhaint amach agus na haidhmeanna atá curtha chun tosaigh.”

Ní luaitear sa dréacht-chlár an gealltanas a rinne Páirtí an Lucht Oibre go mbeadh cur i bhfeidhm na Straitéise faoi chúram Oifig an Taoisigh. Is cosúil go mbeidh an cúram seo faoi scáth Aire nó Aire Stáit a ainmneofar nuair a fhillfidh na páirtithe ar Theach Laighean don 31ú Dáil amárach, 9 Márta.

Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003
Le linn an fheachtais toghchánaíochta bhí na heagrais Ghaeilge ag iarraidh go gcuirfí an tAcht i bhfeidhm go forleathan agus go mbeadh atheagar ar phróisis earcaíochta sa státchóras d’fhonn a chinntiú go n-earcófar daoine dátheangacha amach anseo.

Níl na gealltanais sin san áireamh sa dréacht-chlár ach beidh na heagrais ag súil go dtabharfar aird ar na riachtanais sin.

Dúradh sa chlár, áfach, go mbeidh athbhreithniú ar an Acht chun a chinntiú go beidh caiteachas ar an teanga faoin Acht dírithe ar fhorbairt na teanga agus go dtabharfar freagrachtaí do chomhlachtaí poiblí atá bunaithe ar éileamh an phobail. Arís, bhí an moladh seo ar cheann de na mórghealltanais a rinne Fine Gael ina fhorógra.

An Ghaeltacht
Bhí cúram fiontraíochta Údarás na Gaeltachta ina chnámh spairne roimh an toghchán agus bhí an cheist go mór faoi chaibidil ag cruinnithe poiblí a reáchtáladh sa Ghaeltacht le linn an fheachtais.

Ní thugtar le fios sa dréacht-chlár cén ról a bheidh ag Údarás na Gaeltachta amach anseo ach deirtear ann go ndéanfar infheistíocht sa Ghaeltacht agus go mbainfidh ceantair Ghaeltachta tairbhe as an bplean fostaíochta atá molta ag an rialtas nua.

Luaitear sa chlár go gcuirfear i bhfeidhm na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge – agus bhí bunú Udarás na Gaeilge agus na Gaeltachta lárnach sa Straitéis sin. Ach tá imní ar Bhaill thofa Údarás na Gaeltachta nach bhfuil feidhm fiontraíochta an eagrais luaite i gclár an rialtais go sonrach agus tá an chuma ar an scéal go reáchtálfar feachtas poiblí go luath mar gheall ar an gceist.

Oideachas
Deirtear sa cháipéis go mbeidh athchóiriú iomlán ar theagasc na Gaeilge ag an mbunleibhéal agus ar dara leibhéal sa chóras oideachais. Is cosúil go mbeidh an rialtas ag cur béime breise ar scileanna labhartha agus éisteachta amach anseo agus tá geallta ag an rialtas go dtabharfaidh níos mó daltaí faoin scrúdú ag an ardleibhéal san Ardteistiméireacht amach anseo.

Ní luaitear sa cháipéis an gealltanas a rinne Páirtí an Lucht Oibre go mbeadh dhá ábhar éagsúla ar an gcuraclam.

Na Meáin Ghaeilge
Glactar leis sa cháipéis go dtacófar leis na meáin chraolta Gaeilge agus na hEalaíona amach anseo. Bhí an moladh seo luaite ag  Páirtí an Lucht Oibre le linn an toghcháin.

Athbhreithniú ar Mhaoiniú

Deirtear  sa cháipéis go ndéanfar athbhreithniú ar infheistíocht agus ar mhaoiniú d’fhonn a chinntiú go mbeidh luach ar airgid ann agus go mbeidh torthaí inláimhsithe soiléire ag eascairt as obair na n-eagras Gaeilge.

Dúirt Pádraig Mac Criostail go bhfuil na heagraíochtaí atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge , “i mbun próiseas athbhreithnithe ar an gceist seo i gcomhar leis an bhForas agus leis na Ranna Rialtais Thuaidh agus Theas, chun obair thábhachtach na n-eagraíochtaí a neartú ar mhaithe le seirbhísí riachtanacha chur chun cinn na Gaeilge a sholáthar go forleathan.”

Fáite curtha roimh ghealltanais don Ghaeilge i gclár an Rialtais

Márta 8, 2011

Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh an dréacht de Chlár an Rialtais atá aontaithe ag an Lucht Oibre agus Fine Gael, a thagann don mhórchuid le héilimh na Comhdhála do Chlár an Rialtais 2011-2016 a foilsíodh roimh an olltoghchán.

Tá súil ag an gComhdháil go gcuirfear bonn reachtúil faoi Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge gan mhoill trí reachtaíocht chuí a dhaingniú rud a chuirfidh go mór le comhlíonadh na spriocanna atá leagtha amach sa Straitéis.

Luaitear sa dréacht-cháipéis go ndéanfar athbhreithniú ar churaclam agus ar mhodhanna teagaisc na Gaeilge ag an mbunleibheal, agus ag an iar-bhunleibhéal. Éilíonn an Chomhdháil go dtabharfar ról lárnach don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta i gcur i bhfeidhm an athbhreithnithe seo.

Maidir le leasuithe ar an gcuraclam, molann an Chomhdháil go dtabharfaidh aon leasú ar an gcuraclam reatha san áireamh sainriachtanais daltaí atá líofa sa Ghaeilge, bídís sa Ghaeltacht nó lasmuigh di.  Fáiltíonn an Chomhdháil roimh sprioc an Rialtais nua chun líon na ndaltaí ag tabhairt faoin scrúdú Ardleibhéil Gaeilge san Ardteistiméireacht faoi 2018, ach aithnítear nach dtiocfaidh ísliú i gcaighdeán nó i ndúshlán an scrúdaithe seo sa tréimhse chéanna.

Fáiltíonn an Chomhdháil roimh chinneadh an Rialtais na struchtúir agus na leasuithe cuí a chur i bhfeidhm sula gcíorfar ceist na Gaeilge éigeantaí ag leibhéal na hArdteistiméireachta.  Molann an Chomhdháil go láidir go bhfeidhmeoidh an Rialtas polasaí Gaeilge sa chóras oideachais a bheidh bunaithe ar fhianaise agus ar dhea-chleachtas pleanála teanga, agus go mbeadh na struchtúir agus na tacaíochtaí cuí i bhfeidhm ar feadh tréimhse shonrach ar mhaithe le seasamh na Gaeilge a neartú sa tréimhse sin.

Fáiltítear roimh ghealltanais an Rialtais i dtaobh cúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht. Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear na hacmhainní agus na tacaíochtaí cuí ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun leanúint dá chúram fiontraíochta reatha.

Fáiltítear roimh athbhreithniú ginearálta ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i dtreo fhorbairt na teanga, d’fhonn seirbhísí breise trí Ghaeilge a sholáthair don phobal.  Le linn shaolré an Rialtais nua, beidh 10 mbliana caite ó achtaíodh an tAcht seo den chéad uair, agus ní miste féachaint chuige go bhfuil bunaidhm an Achta á chomhlíonadh go héifeachtach agus go héifeachtúil i gcónaí.

Maidir le hinfheistíocht reatha agus cláir mhaoinithe na Gaeilge, tá na heagraíochtaí atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge i mbun próiseas athbhreithnithe ar an gceist seo i gcomhar leis an bhForas agus leis na Ranna Rialtais Thuaidh agus Theas, chun obair thábhachtach na n-eagraíochtaí a neartú ar mhaithe le seirbhísí riachtanacha chur chun cinn na Gaeilge a sholáthar go forleathan.

Preaseisiúint ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Foilsithe ar 08 Márta 2011

« Previous PageNext Page »