Méid an Téacs

Gaeilge éigeandála ar fáil do thuismitheoirí agus d’fheighlithe

Meán Fómhair 7, 2011

PÓL Ó MUIRÍ, Eagarthóir Gaeilge

Á, FAOISEAMH. Is tuismitheoir tú agus tá do chuid páistí ar ais ar scoil. Buíochas do Dhia, a deir tú. Ach fan. Is tuismitheoir tú a bhfuil páiste ar ghaelscoil agat.

Níl do chuid oibre ach ina tús. Caithfidh tú cúpla focal a labhairt leis an leanbh agus níl mórán Gaeilge agat nó b’fhéidir nach bhfuil mórán Gaeilge ag an fheighlí linbh agus tusa ar shiúl chun na hoifige gach lá, ag saothrú leat.

Ná bíodh imní ort. Tá Forbairt Naíonraí Teoranta (www.naionrai.ie) i ndiaidh leagan nua den leabhrán – BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí – a fhoilsiú. Tá caibidlí gairide ann ar cheisteanna a chur, bheannachtaí, rabhaidh, am codlata, chúrsaí leighis agus ar thurais.

Agus ó tharla gur fhógair an t-eagras inné gur osclaíodh 25 naíonra nua i mbliana; ardú ar 17 anuraidh agus ar 5 cinn arú anuraidh, shílfeá go mbeadh go leor léitheoirí nua ann don leabhrán.

Tá na habairtí ar fad breá simplí – “Ar mhaith leat dul amach sa ghairdín?”; “Ar chodail tú go maith?”; “Ar nigh tú d’aghaidh” – agus is beag duine ar bheagán Gaeilge nach mbeadh ábalta iad a úsáid. Le cois na n-abairtí Gaeilge, tá leagan Béarla leo.

Agus ná ceaptar nach bhfuil focal nó dhó nua le fáil agat, fiú sa chás go bhfuil Gaeilge agat. Ní raibh a fhios agam féin gurb ionann “folach bíog” agus “hide and seek” ach sin an donas céim sa Léann Ceilteach a bhaint amach agus ní céim sa Léann Linbh!

Tá ceithre dhlúthdhiosca leis an leabhar agus an t-ábhar le fáil i gcanúint Chúige Uladh, Chúige Chonnacht, Chúige Mumhan agus sa Chanúint Chaighdeánach – canúint do dhaoine, is dócha, a bhfuil cónaí orthu in Dublin 4 agus a bhfuil eagla orthu go rachaidh a gcuid páistí ag caint faoi mhóin agus iascaireacht agus ní faoi sciartha bainc agus stocmhargaí na hEorpa.

(Ar cheart do lucht na Gaeilge a rá le lucht an Bhéarla atá in éadan chúrsaí aistriúcháin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil an t-ádh orthu gur aistriúchán amháin a shásaíonn lucht na Gaeilge faoin reachtaíocht?)

Mar thuismitheoir le páistí óga, mheas mé go mbeadh an leabhrán ina chuidiú ag foghlaimeoir ar bith ach tá bearnaí ann.

Bíodh is go bhfuil caibidil ar bheannachtaí ann, níl ceann ar mhallachtaí le feiceáil.

Is beag duine againn a thugann faoi ruathar na scoile nach sceitheann an droch-chaint as, anois agus arís, agus tuismitheoirí eile ag páirceáil (go holc) os comhair gheataí na scoile nó ag tiomáint gan aire cheart agat ar charranna eile.

Mholfainn go láidir cúpla mallacht bhreá Ghaelach a chur sa chéad eagrán eile: “Damnú ort! Tugann tú tiománaí ort féin ach is mó ciall atá ag mo leanbh beag féin i mbun a lego ná tusa sa Lexus sin!”

Mholfainn fosta cúpla abairt éigeandála a chur ar fáil do thuismitheoirí mar ábhar rúnda acu féin ionas go mbeadh siad ábalta labhairt ar an ghuthán, cód nach mbeadh ag na páistí óga soineanta: “Dúirt an polaiteoir go mbeadh sé sa Dáil ag a sé. Tá an polaiteoir mall. Mura dtagann an polaiteoir go luath, íosfaidh an madra a dhinnéar. Agus má fhaigheann an taoiseach amach go raibh an polaiteoir ag plé leis an choiste gailf, ní fada go mbeidh an polaiteoir as oifig!”

Irish Times

High failure rate in maths and science mark Leaving results

Lúnasa 17, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

14 second-level schools to open in next three years

Lúnasa 4, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Plan to increase school class sizes to save €75m

Lúnasa 4, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Students’ views on junior cycle

Iúil 15, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Make Irish optional and cut junior cycle, say students

Iúil 12, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

An Ghaeilge sa Dáil

Meitheamh 1, 2011

N’FHEADAR ÉINNE a bhfuil fulaingthe le blianta fada ag an dtráchtaire áirithe seo le go bhféadfadh sé a mhaoímh inniu gur saineolaí é ar na clichéanna a chloistear le linn na ndíospóireachtaí móra neamhrialta sin ar cheist na teanga i nDáil Éireann.

D’fhág an crá croí sin ar fad, áfach, go raibh ar ár gcumas súil oilte a chaitheamh ar na Teachtaí Dála nua a ghlac páirt den chéad uair an tseachtain seo caite i mórdhíospóireacht Dála faoin nGaeilge. An mbeidís ábalta é a fhéachaint leis na seanfhondúirí a bhfuil na blianta caite acu ag foghlaim cheard na gclichéanna? Tá liosta thíos de chuid de na mórchlichéanna is fearr linn agus na Teachtaí Dála nua ar éirigh leo iad a úsáid an tseachtain seo caite.

1. An fháilte roimh an díospóireacht in éineacht leis an bhfógra gur trua nach mbíonn a leithéid níos minicí ann. Joe O’Reilly (FG) a dúirt: “Rud iontach an díospóireacht seo agus b’fhiú dúinn níos mó díospóireachtaí ar an ábhar seo a bheith againn.”

2. An cur síos gáifeach ar an gciapadh ar leith a bhaineann le foghlaim na Gaeilge. Luke ‘Ming’ Flanagan (NS) a dúirt: “In my experience, and that of my friends and school mates, learning the Irish language was the highest form of torture known to humankind.”

3. An tagairt fhánach don té a bhfuil níos mó déanta aige ar son na Gaeilge ná aon pholaiteoir. Luke ‘Ming’ Flanagan, a dúirt: “I think Des Bishop has done more for the Irish language than any politician.”

4. An moladh do TG4 ach gan dearmad a dhéanamh ar RnaG. Seán Kyne (FG) a dúirt: “Such a shift has been occurring, helped enormously by the creation of TG4 with its new generation of Gaeilgeoirí role models and ambassadors for the language as well as by the continuing role of Raidió na Gaeltachta…”

5. An cáineadh láidir ar an nGaeilge “éigeantach” mar thobar gach oilc. Jim Daly (FG) a dúirt: “We must set the language free and move away from the compulsory element. We should realise that we are a grown-up State…”

6. An cáineadh láidir ar gheilt ghluaiseacht na Gaeilge mar thobar gach oilc. Jim Daly (FG) a dúirt: “Contrary to what some fanatical elements of the pro-Gaeilge lobby might suggest…”

7. An caochadh súil i dtreo na gaelscoile sa dáilcheantar. Dessie Ellis (SF) a dúirt: “Tá gaelscoileanna Bhaile Munna i mo cheantar féin ag dul ó neart go neart le déanaí. Tá gaelscoil nua – Gaelscoil Uí Earcáin i bhFionnghlas – ag méadú ó bhliain go bliain.”

8. An tagairt do-mhaite do Riverdance. Peter Mathews (FG) a dúirt: “Imagine having the Riverdance troupe at the Aviva stadium as the warm-up event for one of the big matches and some Irish language used in the signage. This would express in 21st century terms what it is we love about our language.”

Irish Times

Minister wants modern method for Irish

Bealtaine 31, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Roinn Féin

Bealtaine 18, 2011

TÁ SINN Féin anois i mbun an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (DCAL mar is fearr eolas air i mBéarla) i dTuaisceart Éireann, ceann de na ranna is tábhachtaí ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge de.
Is é an chéad uair é go raibh páirtí náisiúnach i mbun na roinne seo ó bunaíodh an tionól ag deireadh na 1990í. Bhí an roinn faoi stiúir na bpáirtithe aontachtúla, an Ulster Unionist Party (UUP) agus an Democratic Unionist Party (DUP), le linn an ama ar fad.

Ainmníodh Carál Ní Chuilín, ball tionóil de chuid Shinn Féin as Tuaisceart Bhéal Feirste, ina haire sa roinn Dé Luain. Is iarchime í a bhfuil spéis aici i gcúrsaí cultúir agus taithí aici ar chúrsaí polaitíochta.

An ionann a ceapachán is a rá go mbeidh rath agus bláth ar chúrsaí teanga anois? Bhí beirt bhall de chuid an tionóil – John O’Dowd (Sinn Féin) agus Peter Weir (DUP) – i mbun cainte ar BBC Thuaisceart Éireann oíche Dhomhnaigh faoin obair a bhí roimh an tionól agus na ranna nua.

Fiafraíodh de O’Dowd – aire nua oideachais Thuaisceart Éireann agus fear a mbeidh cúram chúrsaí gaeloideachais air – fiafraíodh de an mbeadh acht Gaeilge le cur chun cinn? Freagra cúramach a thug O’Dowd, á rá go raibh mórán dóigheanna ann leis an teanga a fhorbairt.

Spéisiúil fosta an méid a bhí le rá ag Weir. Ba faoi chúram a pháirtí féin – an páirtí is mó sa tionól – a bhí DCAL go dtí le deireanas. Dúirt sé go mbeadh ar aon acht dul os comhair an tionóil agus nár “priority” ag a pháirtí féin é; bhí cúrsaí airgid teann agus mheas sé nithe ní ba thábhachtaí bheith ann le hairgead a chaitheamh orthu. An ngéillfeadh an DUP an roinn sa chás go raibh imní orthu go mbeadh acht teanga ann?

Bíodh sin mar atá, beidh ar Shinn Féin seifteanna éigin a aimsiú le cuma níos fearr a chur ar a bpolasaí teanga – polasaí atá rud beag cosúil le Peter André faoin am seo; cluineann gach duine faoi ach ní ghlacann duine ar bith i ndáiríre é.

Tá cuid de lucht na Gaeilge sa Tuaisceart ciniciúil go maith faoi dhintiúir an pháirtí sa réimse seo ag an bhomaite – fiú daoine a thugadh tacaíocht dóibh roimhe seo. Ní leor acu an status quo.

Bíodh is nach ndearna ceachtar den dá pháirtí aontachtúla iarracht cur as d’oibriú trasteorann Fhoras na Gaeilge, ní fhéadfá a rá go ndearna siad iarracht rómhór cur le forbairt na Gaeilge ach an oiread.

Thairis sin ar fad, tá an saol sa Tuaisceart ag tabhairt dhúshlán na teanga oiread chéanna agus atá sé sa Deisceart. D’éirigh le lucht na teanga – de gach imir pholaitiúil – ceist na Gaeilge a chur chun cinn ar dhóigh éifeachtach ar feadh na mblianta agus, mura bhfuil cúrsaí ina stad ar fad, tá snag ann.

Tá na gaelscoileanna in iomaíocht le gnáthscoileanna Béarla agus amhras – go fóill féin – ar go leor tuismitheoirí dul sa seans le hoideachas trí mheán na Gaeilge ó tharla nach bhfuil an teanga acu féin.

Na páistí a fhaigheann oiliúint ar an bhunleibhéal sa Ghaeilge, ní i gcónaí a bhíonn deis acu oideachas dara leibhéal i nGaeilge a dhéanamh – agus ní i gcónaí a roghnaíonn siad é fiú sa chás go mbíonn sé ar fáil.

Is beag cúrsa Gaeilge atá le fáil ar bhunscoileanna Béarla Caitliceacha – gan a bheith ag caint ar scoileanna stáit. Agus an méid oibre atá ar siúl sa réimse sin, eagrais dheonacha atá á dhéanamh go ciúin stuama.

Agus tá laghdú ar líon na ndaltaí ar scoileanna Caitliceacha Béarla meánscoile a dhéanann staidéar ar an teanga.

Le cois cúrsaí Gaeilge a chur chun cinn sa Tuaisceart, beidh deis ag DCAL tionchar a imirt ar chúrsaí teanga trí Fhoras na Gaeilge, eagras thuaidh/theas.

(An spreagfaidh aire Shinn Féin i mBéal Feirste an Rialtas i mBaile Átha Cliath le cúram níos práinní a dhéanamh den straitéis 20 bliain?)

Mar a dúirt gníomhaí teanga amháin atá neamhspleách ar an pháirtí: “B’ait nár ghlac Sinn Féin leis an roinn roimhe seo. D’fhéadfadh gur rud maith é páirtí bheith i mbun DCAL a bhfuil cos acu sa dá dhlínse. Ach bí cinnte gur ar mhaithe le Sinn Féin atá siad á dhéanamh!”

Agus sin go díreach fadbh eile – is léir don díograiseoir is daille teanga faoin am seo gur minic gur ar mhaithe leo féin a fheidhmíonn lucht Gaeilge Shinn Féin. Tá na milliúin punt faighte ag an pháirtí agus ag a leathbhádóirí cultúir le linn phróiseas na síochána lena gcuid tionscnamh féin a chur chun cinn.

Ní “pobal” aontaithe iad lucht na Gaeilge, thuaidh nó theas, agus is minic iomaíocht ina measc gan amhras.

B’fhéidir gur ag an úrscéalaí Seosamh Mac Grianna atá an cur síos is fearr ar na cúrsaí seo. Ag scríobh ina leabhar, An Druma Mór, faoi iaróg áitiúil agus an scoilt a tháinig sa pobal dá bharr sin, dúirt sé go bhfeicfeadh cuairteoir fánach chun an cheantair “go raibh comharsana áiride nach ndéanfadh comhrá ar bith thar chlaitheacha le chéile; go mbíodh na fir a bhíodh ag siúl le chéile Dé Domhnaigh sna meithleacha le chéile lá den tseachtain; nach raibh cead ach ag leath an bhaile a chos a chur isteach i mbád ar bith; go mbíodh na páistí ag troid le chéile ní ba mhinice ná a bhí nádúrtha”.

Feicfidh muid ar ball cé a chuirfeas cos i mbád a chéile.

Irish Times

Group calls for parental choice over school patrons

Bealtaine 3, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

« Previous PageNext Page »